Aontacht na heite cléPáipéar a cuireadh i láthair “Slógadh 2007”
|
| Is é seo téacs an pháipéir a ullmhaíodh le cur i láthair “Slógadh,” comhdháil bhliantúil a eagraíonn Sinn Féin. Ar an drochuair, ní raibh an cainteoir ábalta a bheith i láthair. |
Ní hannamh an t‑ábhar seo—aontacht na heite clé—á phlé ag díospóireachtaí. An chúis atá leis sin ná easpa tionchair agus líon na bpáirtithe éagsúla a mhaíonn gurb iad siúd fíorpháirtí na heite clé, dá mbeadh sé de chiall ag an lucht oibre é sin a aithint. Uaireanta eile drochthorthaí sna toghcháin a tharraingíonn anuas an cheist maille le tóir ar réiteach ar na fadhbanna deacra casta atá os comhair na heite clé inniu, ní hamháin in Éirinn ach i dtíortha forbartha an chaipitleachais trí chéile. * * * Tá sé de dhualgas ar Pháirtí Cumannach na hÉireann staidéar a dhéanamh ar cibé deiseanna atá ann ar aontacht na bhfórsaí cléacha agus forásacha in Éirinn a bhaint amach, dar leis an Rúin Pholaitiúil a ritheadh ag an 23ú Comhdháil Náisiúnta dár bpáirtí i mBéal Feirste i mí na Samhna 2006. Léiríonn an páipéar seo ár léamhna ar pholaitíocht ár dtíre, idir Thuaidh agus Theas. Cuireann sé béim ar leith ar an gcosc a chuireann an tAontas Eorpach ar fhorbairt na polaitíochta abhus, agus leagann sé amach an bunús ar a bhféadfaí aontacht na bhfórsaí cléacha agus forásacha a bhaint amach.Bheadh sé réasúnta a mhaíomh go gcruthaíonn toghcháin—an chaoi a n‑eagraítear agus a riartar iad i bpobail chomhaimseartha bhuirgéiseacha—fadhbanna nach beag d’fhórsaí frithimpiriúlacha. Tá a fhios againn go gcoinnítear diansmacht, taobh istigh de theorainneacha réamhshocraithe, ar an díospóireacht phoiblí. Bíonn comhthuiscint idir bunaíocht na polaitíochta agus na meáin chorparáideacha maidir le cur i láthair smaointí, le roghnú na bpríomhcheisteanna, leis na smaointí a dtugtar tús áite dóibh agus na smaointí nach luaitear. Taispeánann toghcháin meon na muintire dúinn. Léiríonn siad tosaíocht an duine a chaitheann vóta ar shlí ar leith. Nuair a bhíonn polaitíocht agus an streachailt pholaitiúil teoranta do mhionlach beag is minic a mhúnlaíonn na hollmheáin tuiscint na muintire ar an saol thart timpeall orthu. Mura mbeadh ann ach straitéis chun bheith sa Rialtas—nach ionann, dar linne, agus cumhacht pholaitiúil a bhaint amach—agus fanacht sa Rialtas céanna, cuma cad a seasann tú dó nó cad a dhéanann tú ann, tapaíodóireacht, dímheanma agus teip a leanann an straitéis sin. Ní gá fanacht teoranta do straitéis toghchánaíochta nuair atá fadhbanna agus tosaíochtaí eile ann a éilíonn straitéis pholaitiúil eile. Is mó an “cheist náisiúnta” ná críochdheighilt na hÉireann. Agus a réiteach á lorg, níorbh fholáir do chur chuige na bhfórsaí frithimpiriúlacha a bheith níos leithne dá réir. Baineann go leor againn dóchas agus inspioráid as eachtraí agus streachailt ar fud an domhain de réir mar atá borradh ag teacht faoi lion na bpobal atá á n‑athcheangal féin leis an bpolaitíocht, atá ag cur a n‑éilithe féin in iúl is ag leagan amach a dtosaíochtái féin—i Meiriceá Laidineach go háirithe. Is léir go bhfuil tionchar domhanda ag na hathruithe forásacha atá faoi lánseol i dtíortha ar nós Venezuela agus Bolivia, gan trácht ar an leas atá déanta ag Réabhlóid Chúba. Is ceacht dúinn uilig na hathruithe sin. Páirtí páirtíneach de chuid na haicme oibre is ea Páirtí Cumannach na hÉireann, ar cúis bróid dó a stair de bhreis agus seachtó bliain taobh istigh de ghluaiseachtaí an lucht oibre, na saoirse náisiúnta agus na córa sóisialta in Éirinn agus thar sáile. As an stair sin d’fhoghlaim muid a thábhachtaí is atá sé comhghuaillíocht phrionsabálta a bhunú leis na fórsaí a bhíonn páirteach linn sa ngleic—pé acu éilithe gearrthréimhse i bhfeachtais ar leith a bheith ann nó cuspóirí straitéiseacha fadtréimhse dírithe ar shóisialachas a bhunú amach anseo. Ní tábhacht go dtí an ceacht sin, anois agus Éirinn, idir Thuaidh agus Theas, faoi bhois an chait ag an impiriúlachas. Samhlaíonn stát agus uasaicme na hÉireann iad féin mar pháirtí sóisearach de chuid an Aontais Eorpaigh agus na Stát Aontaithe, lena straitéis impiriúil dhomhanda araon. D’ainneoin go bhfuil cumhacht agus tionchar domhanda impiriúlachas Shasana imithe i ndísc, tá tionchar mór aige i gcónaí ar riaradh na cumhachta in Éirinn. Is ar thaobh an impiriúlachais, ar dhóigh shuntasach, atá cóimheá na cumhachta um an dtaca seo, agus is é an ghleic in aghaidh an impiriúlachais príomhghleic an chine dhaonna inniu. Sa ghleic sin, ní neart go cur le chéile. Roimh an toghchán ó dheas, agus ina dhiaidh, níor chuir na príomhpháirtithe malairt rogha polaitiúil nó eacnamaíoch chun cinn. Na páirtithe a chuir iad féin chun cinn mar rogha ar pháirtithe na bunaíochta, níor chuir ach an oiread. Níor léir, agus ní léir, aon straitéis chun oibrithe a shlógadh. Agus na páirtithe uile gafa ag an toghchánachas, níor spreagadh ná ní spreagtar an chosmhuintir chun machnaimh; ligtear do na hollmheáin ábhar agus treoir na díospóireachta polaitiúla agus eacnamaí a shocrú dá réir. Ní rogha eacnamaíoch, shóisialta ná pholaitiúil a bhí mar chnámh spairne sa toghchán ach stíl bhainisteoireachta. Le linn an toghcháin agus roimhe, d’athraigh agus d’aclaigh na páirtithe éagsúla a dteachtaireacht lena cur in oiriúint do na hollmheáin. Leasaíodar iad siúd nár chloígh le comhthuiscint na coitiantachta, dar leo. Leagadar béim orthu siúd a ghnóthódh cúpla orlach i gcolún nuachtáin dóibh, fuaim-ghreim ar raidió nó ar teilifís, nó moladh ó thráchtairí polaitiúla. Thaitin toradh na hoibre sin go mór leis an mbunaíocht eacnamaíoch agus pholaitiúil. Bhí an “gnáthshaol” curtha ar a chosa arís, go sealadach pé scéal é, le Páidín A i ngleic le Páidín B, srl. Mhúch Fianna Fáil na neamhspleáigh, agus ghiorraigh Fine Gael leis na PDs. Bíodh is gur athraigh an “Tíogar Ceilteach” an tír, agus go bhfuil fás le sonrú ar fhostaíocht agus ar chaighdeáin mhaireachtála agus go bhfuil móramh ann atá níos fearr as, tá na laigí ag teacht chun solais de réir a chéile. Tá an difríocht idir saibhir agus daibhir, idir iad siúd ar bharr an scála shocheacnamaíoch agus iad siúd ag a bhun, méadaithe agus ag méadú i gcónaí. D’ainneoin méadú mór ar thógáil, tá borradh faoi líon na ndaoine atá ag fanacht ar theach; agus tá úinéireacht ar theach curtha thar cumas cuid mhór oibrithe ag an margadh tithíochta. Ciallaíonn an díol leanúnach ar thithíocht agus ar thalamh phoiblí go mbeidh crapadh breise ar sholáthar tithe. Baineann guagadh lenár róspleáchas ar chaipiteal trasnáisiúnta agus leis an dlús atá faoin tóir ar dheiseanna infheistíochta thoir. Oirthear na hEorpa agus an Áise a leagann síos an caighdeán domhanda a chaitheann muide a shásamh anois. Agus an Keyneseachas á thréigean, tá toirmeasc ar aon idirghabháil stáit, tá príobháidiú á spreagadh ag an Aontas Eorpach, agus tá an geilleagar oscailte do ghuagadh an mhargaidh dhomhanda. Tá an fuílleach íocaíochta borrtha go saorga agus Éirinn á húsáid mar áis ag comhlachtaí trasnáisiúnta chun brabús a mhéadú trí leas a bhaint as ráta íseal na gcánach corparáidí. Tá coimhthiú na n‑óg ag méadú. Tá míshástacht leis an saol ag méadú sna fo-bhailte. Is beag feabhas a tháinig ar sheirbhísí poiblí, fearacht shláinte agus oideachais. Tá dlús le dúshaothrú ar oibrithe, go háirithe ar inimircigh. * * * Thacaigh, agus tacaíonn, Páirtí Cumannach na hÉireann le Comhaontú Bhéal Feirste, tharla gur bealach chun tosaigh é nuair a chuirtear cóimheá na bhfórsaí, a laigí is a dteorainneacha, san áireamh. Thacaigh muid riamh le hiomaíocht uilepháirtíoch mar bhealach chun tosaigh.Creidimid i gcónaí gurab iad an pholaitíocht agus streachailt pholaitiúil a eascraíonn as slógadh oibrithe an t‑aon bhealach cinnte le dul chun cinn a dhéanamh agus aontacht riachtanach ár muintire a bhaint amach. Creidimid go bhfuil ceachtanna luachmhara le foghlaim as taithí ghluaiseacht na gcearta sibhialta i dTuaisceart na hÉireann agus go dtig le héilithe cearta polaitiúla maille le ceannaireacht shoiléir dul chun cinn suntasach a dhéanamh. Tá ceangal orainn i gcónaí dúthracht a chaitheamh ar son Éireann Aontaithe—ar son daonlathas aontaithe Éireannach. Cuireann athbhunú Comhdháil agus Feidhmeannas a fheidhmíonn deis thábhachtach ar fáil ar streachailt pholaitiúil agus feachtais a d’aontódh oibrithe a fhorbairt. Ní dhéanann muid beag is fiú de na deacrachtaí a bhaineann le hathmhuintearas i bpobal atá scoilte go smior agus ina bhfuil an seicteachas ina uirlis pholaitiúil le dhá chéad bliain anall. Bíodh is nach mó ná sásta atáimid le comhdhéanamh an rialtais sin, is léiriú cruinn é, dar linn, ar chóimheá na bhfórsaí polaitiúla um an dtaca seo. Ní nach buan! Caithfidh oibrithe an rialtas sin a chur faoi bhrú a n‑éilithe siúd. Is deis é an socrú úr ar chontrárthachtaí sa phróiseas a fhorbairt. Níorbh fholáir don Chomhthionól agus don Fheidhmeannas athbhunaithe a bheith mar ionad comhtheagmhála do streachailt pholaitiúil na n‑oibrithe, le brú a chur a chinnteoidh go ndéanfar cosaint agus forbairt ar na seirbhísí poiblí, agus go gcuirfear na táillí uisce atá molta ar ceal, seachas iad a chur ar athló. Ní féidir linn ligean do bhunú an Fheidhmeannais an próiseas a chríochnú in áit oscailt chun polaitíocht neamhsheicteach dhaonlathach a fhorbairt taobh istigh agus taobh amuigh den Chomhthionól. Le hathbhunú an Fheidhmeannais tá sé riachtanach go bhforbróidh gluaiseacht an lucht oibre malairt beartas sóisialta agus eacnamaíoch, maille le feachtais ar a son, le comhoibriú polaitiúil agus eacnamaíoch uile-Éireannach a neartú. Beidh said siúd dírithe ar na teicneolaíochtaí is na heolaíochtaí is forbartha dá bhfuil ann, is ar chomhtháthú na seirbhísí poiblí le go gcuirfear an chuid is fearr den dá sheirbhís le forbairt seirbhísí nua. Caithfidh plean uile-Éireannach dírithe ar shaothrú is ar fhorbairt ár n‑acmhainní aiceanta a bheith mar chuid lárnach den phróiseas sin, le riachtanais iomlán ár muintire a shásamh. Is léir anois gur dlúth-chomhghuaillithe iad impiriúlachas Shasana agus bunaíocht na hÉireann. Táid siúd, le cúnamh impiriúlachas na Stát Aontaithe, ag riaradh athruithe abhus chun leas an chaipitleachais mhonaplaigh in Éirinn a dhéanamh. Ní chiallaíonn sin go bhfuil siad uilechumhachtach; ach caithfidh na fórsaí daonlathacha cur chuige straitéiseach a fhorbairt agus éilithe a dhéanamh a bheidh fabhrach dár gcuid cuspóirí. Creidimidne go bhfuil gá le straitéis agus beartaíocht phrionsabálta a ligfeadh dúinn freagairt go cruthaitheach don dúshlán. Mar is eol dúinn, ní ghnóthaíonn tapaíodóireacht pholaitiúil ach teip. * * * Tá argóintí ar son agus in aghaidh “Stát Aontaithe na hEorpa” á bplé go leanúnach abhus agus ag gluaiseacht lucht saothair na hEorpa.Ní úsáideann na fórsaí taobh thiar de leathnú an Aontais Eorpaigh—iad siúd a dhéanann na cinntí—na dálaí úd “maitheas” agus “olcas.” Bunaítear a luachanna siúd ar uasmhéadú brabúis, ar sciar is ar shealbhú margaí, ar shaothar saor agus ar straitéisí dírithe ar smacht domhanda. A leas eacnamaíoch agus polaitiúil féin a threoraíonn iad. Níor mhór don chaipiteal monaplach, dá réir, náisiúnstáit na hEorpa a bhriseadh agus na píosaí a chur le chéile arís chun a sástachta. Neartaítear an t‑aonad nua trí infheistíocht, tháirgeadh agus ghluaiseacht earraí a luathú chun margadh níos mó a dhaingniú, acmhainní saothair a dhlúthú, agus timpeallacht níos “cairdiúla” gnó a chruthú. Mar gheilleagair scartha níl siad in ann dul i ngleic le caipiteal Mheiriceá, toisc dhaonra mór na tíre úd, a hacmhainní millteacha aiceanta, scála agus leibhéal a fórsaí táirgthe, agus a cumhacht smachtúil mhíleata. Eascraíonn ceisteanna móra do dhaonlathaigh na hÉireann as fairsingiú leanúnach seo an Aontais Eorpaigh. An féidir riachtanais ár muintire a shásamh taobh istigh de cheangal eacnamaíoch an ollstáit sin atá á chruthú? An féidir leis an Aontas Eorpach daonlathas agus freagracht a sholáthar? An dtig leis na hathruithe a éilíonn streachailt dhaonlathach gan mianach an Aontais Eorpaigh a athrú nó a scrios? Dar linne, níl a leithéid ann agus impiriúlachas lách Eorpach. Ní fhéadfaí ollstát Eorpach a thógáil le dúshlán impiriúlachas ionsaitheach na Stát Aontaithe a thabhairt mura mbeadh sé féin impiriúlach. Bunaithe ar ár léamh ar na fórsaí atá ann agus ar an spéis leasaithe atá ár dtreorú i dtreo ollstát impiriúil lárnaithe, feicimid nach chun leas oibrithe na hÉireann ná na hEorpa atá treoir an Aontais Eorpaigh. Cuireann seo d’iallach orainn éilithe daonlathacha a bhaineann go speisialta le hoibrithe a dhéanamh chun na contrárthachtaí sin a thabhairt chun solais. Creideann ár bpáirtí nach bhfuil an tAontas Eorpach freagrach ná daonlathach. Ní féidir le heacnamaíocht an Aontais Eorpaigh riachtanais na muintire a shásamh. Tá gné nua ag an streachailt ar son daonlathas náisiúnta. Caithfear streachailt feasta le cumhachtaí atá géillte cheana féin don Aontas Eorpach a fháil ar ais. Gan iad níorbh fhéidir Éirinn a mbeadh forás sóisialta inti a ghnóthú. Aithnímid an gá le streachailt nua a thionscain chun comhoibriú níos solúbtha taobh istigh d’Eoraip na ndaonlathas is na héagsúlachta a bhaint amach. Ní mór dúinn straitéisí a fhorbairt a thapóidh contrárthachtaí inbheirthe an phróisis uile agus a éileoidh athruithe bunúsacha i mianach an Aontais Eorpaigh féin. Ní mór dúinn na contrárthachtaí idir daonlathas agus diktat, idir leas na rachmasaithe monaplacha agus leas na n‑oibrithe, a fhorbairt. Tá ceist an daonlathais agus an cheist aicmeach fite fuaite ina chéile. Chuir aistriú cumhachtaí a bhíodh ag stát neamhspleách ceannasach na hÉireann go dtí an EEC agus an tAontas Eorpach le castacht agus deacracht an troid ar son an daonlathais náisiúnta agus na saoirse. Ní chreidimid, áfach, go bhfuil an tuiscint do nádúr aicmeach an phróisis sin ná do thógáil an ollstáit Eorpaigh sách forleathan. Fós féin, ní chuirfidh sin cosc orainn a bheith páirteach i dtroideanna ar son leas coitianta na n‑oibrithe san Aontas Eorpach agus taobh amuigh de. * * * Bíodh is go bhfuil tábhacht agus géarghá le haontas na heite clé, ní féidir sin a bhaint amach taobh amuigh den riocht ina bhfuil an pholaitíocht faoi láthair. Is údar mór scoilte iad ceisteanna tábhachtacha straitéise. Creidimid gur féidir na scoilteanna sin a shárú, ach chuige sin níorbh fholáir—níos mó plé polaitiúil agus níos mó soiléire i leith na gceisteanna faoinár mbráid; —muinín a chothú trí chomhoibriú i bhfeachtais; —tosaíocht a thabhairt anois do shlógadh oibrithe ar son a leasa féin; —an tuiscint gur fhág tapaíodóireacht thoghchánach an lucht oibre scoilte go mór agus tógáil clé aontaithe craplaithe; —go mbeidh an frithimpiriúlachas i gcroílár a leithéid de chlé aontaithe. Is tábhachtaí ná riamh comhoibriú idir fhórsaí forásacha na heite clé. Tá deiseanna nua ann ar throid aontaithe a thionscain, ó thuaidh agus ó dheas, ag ceisteanna ar nós an an Aontais Eorpaigh, táillí uisce, athmhuintearas, neodracht, Aerfort na Sionainne, príobháidiú, solúbthacht saothair, is smacht ar acmhainní aiceanta. Leanfar dá gcruthú siúd. Cuireann ár dtír féin éilithe sainiúla faoinár mbráid a éilíonn straitéis níos uileghabhálaí agus scagadh níos doimhne ar a bhfuil i ndán dúinn. Túsphointe riachtanach is ea aontacht shoiléir agus comhoibriú na bhfórsaí frithimpiriúlacha. |
| Home page > Aontacht na heite clé |
| Baile > Aontacht na heite clé |