Foilseacháin

Clár an pháirtí  Tá clár leasaithe Pháirtí Cumannach na hÉireann, ar ghlac an 23ú Comhdháil Náisiúnta (Samhain 2006) leis, ar fáil anois i bhfoirm leabhráin, poraghas €3.50 (£2.50). Is féidir an buntéacs a léamh anseo freisin.         
    Leabhair agus paimfléid  Foilseachán tábhachtach is ea Public Transport: Keep It Public or Lose It to Private Profit (2004) a chuir go mór leis an bhfeachtas chun seirbhísí poiblí a chosaint. I measc na bhfoilseachán eile tá Communist Party of Ireland: Outline History (1975) agus Forógra Pháirtí na gCumannach (1986), leagan Gaeilge de The Manifesto of the Communist Party le Marx agus Engels.

Saothar James Connolly  Thar na blianta tá príomhscríbhinní James Connolly, ceannródaí Marxach Éireannach, coinnithe i gcló ag an bpáirtí, ina measc an saothar clasaiceach Labour in Irish History (1910) agus níos déanaí Collected Works (1987) in dhá imleabhar.

Tá na leabhair seo agus foilseacháin eile le fáil ó Connolly Books, 43 Sráid Essex Thoir, Baile Átha Cliath 2.

Tréimhseacháin  Is iad Socialist Voice (Baile Átha Cliath, míosúil) agus Unity (Béal Feirste, seachtainiúil) na hirisí a fhoilsíonn an páirtí.
   Ceannaigh Socialist Voice ar síntiús trí €15 (£10) a chur chuig “Socialist Voice,” 43 Sráid Essex Thoir, Baile Átha Cliath 2, i gcomhair bliain amháin (10–12 eagrán). (Cuimsíonn an ráta seo postas laistigh d’Éirinn; rátaí i gcomhair tíortha eile le fáil ach iad a iarraidh.) Nó faigh do leagan ríomhphoist Socialist Voice trí iarratas ríomhphoist a chur chugainn.
 Ceannaigh Unity ar síntiús trí £16 (€23) i gcomhair 6 mhí nó £32 (€46) i gcomhair 12 mhí a chur chuig “Unity,” Bosca poist 85, Béal Feirste BT1 1SR, i gcomhair bliain amháin. (Cuimsíonn an ráta seo postas laistigh d’Éirinn; rátaí i gcomhair tíortha eile le fáil ach iad a iarraidh.)
 Is féidir ailt dheireanacha a léamh ach na híomhánna ar clé a chniogadh.

Leabharliosta  Liosta d’fhoilseacháin Pháirtí Cumannach na hÉireann ó bunaíodh é sa bhliain 1933.


Baile  >  Foilseacháin