From Socialist Voice, November 2004

Daille na pluaise

Tomás Mac Síomóin, Tuairisc ón bPluais: Poblachtánachas agus Litríocht in Aois na Scáth (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2004; gan ISBN; €5).

Sa phaimfléad seo pléann Mac Síomóin an easpa daonlathais agus go háirithe an chaoi a gcuireann an caipitleachas comhaimseartha an dallamullóg ar an bpobal. (Tagairt is ea an teideal don mheafar a d’úsáid Platón chun saol an chine daonna a chur in iúl: táimid mar a bheadh dream ina gcónaí i bpluais, nach bhfeiceann den saol réadach lasmuigh ach na scáthanna ar bhallaí na pluaise.)
     Rud iontach tábhachtach a ndíríonn an t-údar ár n-aird uirthi is ea forbairt na mórmheán cumarsáide, a thugann cumas thar na bearta d’aicme an rachmais a dtuairimí is a luachanna a chur ina luí ar an bpobal. Déantar seo go speisialta tríd an bhfógraíocht, agus go háirithe tríd an bhfógraíocht teilifíse. Agus cad iad na luachanna sin? Comórtas, ciniceas, aineolas, saibhreas, agus saint. Cuirtear na luachanna seo chun cinn trí mheán na fógraíochta agus trí mheán na gclár teilifíse féin, idir “nuacht,” shiamsa neafaiseach, agus spórt. (Rud suimiúil is ea go ndéanann an t-údar tagairt don pháirt atá ag spórt sa bhréag-idéeolaíocht chomhaimseartha, rud nach bhfuil mórán daoine sásta aghaidh a thabhairt air.)
     Is í an teilifís “tiarna an teallaigh.” I suirbhé amháin i gCatalunya (agus ní dócha go mbeadh an scéal mórán difriúil i dtíortha eile iarthar na hEorpa) fuarthas amach go gcaitheann páistí níos mó ama ag féachaint ar an teilifís ná mar a chaitheann siad ar scoil. I suirbhé sa Spáinn d’admhaigh níos mó ná leath de dhaoine fásta nár léigh siad fiú leabhar amháin riamh. Is léir go bhfuil “ról na dtuistí, na scoile agus an fhocail scríofa mar áiseanna chun cultúr agus luachanna a chur ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile á ghlacadh anois ag an teilifís agus a comhghuaillithe.”
     Déanann Mac Síomóin cosaint láidir ar an sóisialachas agus a luachanna—rud nach minic i measc an aosa dána na laethanta seo; agus sa streachailt ar son an daonlathais agus an tsóisialachais tugann sé páirt ar leith don litríocht. Is í an litríocht a chothaíonn an tsamhlaíocht; agus is í an tsamhlaíocht an chéad rud atá ag teastáil má tá cineál eile sochaí le cruthú againn. Ach i gcultúr an “fhuaimghreama” níl taithí ag an bpobal ach ar shlogadh siar na samhlacha réamhdhéanta teilifíse.
     Cé go dtuigeann cumannaigh i gcónaí gurb í streachailt na n-aicmí an t-inneall a chruthaíonn athruithe sa saol mór—agus beag an seans go ngéillfidh aicme an rachmais, lena rialtais is a n-airm, gan cogadh fíochmhar—is cinnte go bhfuil áit lárnach ag an litríocht i gcruthú malairt físe, rud atá de dhíth sula gcruthófar malairt sochaí. Ina héagmais, níl i ndán dúinn ach an nuabharbarthacht.
     Titeann an dualgas “ar fhíordhaonlaithe, .i. sóisialaigh,” a deir an t-údar, an status quo a threascairt. “Glacadh leis an mbarbarthacht nua seo? Nó iarracht a dhéanamh daille na pluaise a threascair agus ruainnín soiléire a chur ina háit? Níor chóir go bhfágfadh an roghain seo ach freagra amháin ag sóisialaigh!”

[SOB]

Home page  >  Publications  >  Socialist Voice  >  November 2004  >  Daille na pluaise
Baile  >  Foilseacháin  >  Socialist Voice  >  Samhain 2004  >  Daille na pluaise