From Socialist Voice, June 2006

Paradacsa na Gaeilge

Tomás Mac Síomóin, 1916: Leathréabhlóid: Paradacsa Ait na Gaeilge (Macallaí na Cásca, 1), Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2006 (gan ISBN; €5).

Is é paradacsa an teidil nach raibh an teanga náisiúnta fite fuaite sa ghluaiseacht náisiúnta ar son na saoirse. Ba chuid lárnach d’aisling an Phiarsaigh í an Ghaeilge, ach ní léir go raibh ceannairí eile 1916 chomh dáiríre fúithi. Cé is moite den Phiarsach, ní léir go raibh sé ar intinn ag na ceannairí sin an Ghaeilge a bheith ina meán cumarsáide ná ina meán riaracháin sa stát nua ach ina comhartha náisiúnta amháin (de réir mar a d’úsáideadh í san fhorógra féin), ná fiú amháin í a chosaint agus a fhorbairt sna ceantair ina labhraíodh í. I bhfocail scoir an údair, “Tá sé i ndáil le bheith cinnte go n-aithneoidh mionlach sách líonmhar amach anseo gurb é slánú na Gaeilge an t-aon bhealach atá ann leis an tsainiúlacht Éireannach a chaomhnú agus a fhorbairt. Dá dtarlódh sin, chaithfeadh an tuiscint seo a bheith ginte as foinsí eile seachas náisiúnachas throdairí 1916.”
    Pé scéal é, cuireadh ceannairí na glúine sin chun báis go míthrócaireach, agus níor mhair ina ndiaidh ach ceannairí den dara nó den tríú grád. Bhí daoine ann, dar ndóigh, i measc na Saorstátach a tháinig i ndiaidh na réabhlóidithe a raibh gean acu ar an nGaeilge agus a rinne a ndíograis ar a son (murab ionann agus Saorstátaigh an lae inniu). Bhí deis ann sna laethanta tosaigh ar theanga oibre a dhéanamh den Ghaeilge sa státseirbhís, agus is cosúil go raibh tromlach na státseirbhíseach sásta glacadh leis sin (le toilteanas nó gan é); ach chaill na leathréabhlóidithe a misneach, agus chaill an Ghaeilge an deis dheireanach a bheadh aici ar bheith ina teanga stáit. Fiú amháin nuair a tháinig Fianna Fáil chun cumhachta sna tríochaidí ní dhearnadh athrú suntasach i mbeartas an stáit i leith na Gaeilge.
    Tá an paradacsa againn go fóill, nócha bliain i ndiaidh bhású an Phiarsaigh. Is léir nach bhfuil tromlach mhuintir na hÉireann sásta dada a dhéanamh ar son na Gaeilge ach ag an am céanna nach bhfuil siad sásta a rá os ard (ná fiú os íseal: féach na freagraí a thugtar sa daonáireamh) go mb’fhearr leo fáil réidh léi. Cén fórsa síceolaíoch nó eile, a fhiafraíonn an t-údar, a thiomáineann an paradacsa seo ar aghaidh ó ghlúin go glúin?
    Insíonn Mac Síomóin scéal bhású na Gaeilge ón séú haois déag ar aghaidh i stíl ghonta shoiléir. Tugann sé tús áite sa phróiseas sin don choilíneachas agus go háirithe don choilíneachas intinneach, a raibh sé mar aidhm aige (agus ní hé amháin in Éirinn) meon an sclábhaí a fhágáil ar an bpobal—rud atá fíor maidir le muintir na hÉireann go dtí an lá atá inniu ann.
    Ní leabhar lom staire é seo: tá sé lán de léargas. Is fiú go mór é a léamh.
    Mar a dúirt an Conghaileach, ní fhanann ach lucht oibre na hÉireann mar oidhrí dothruaillithe chogadh na saoirse in Éirinn. Má tá rud ar bith i ndán don Ghaeilge seachas bás iomlán, caithfidh ár n-aicme an dualgas céanna a ghlacadh orainn féin mar gheall ar an neamhspleáchas cultúrtha.

[SOB]

Home page  >  Publications  >  Socialist Voice  >  June 2006  >  Paradacsa na Gaeilge
Baile  >  Foilseacháin  >  Socialist Voice  >  Meitheamh 2006  >  Paradacsa na Gaeilge