From Socialist Voice, November 2006

Seastar le muintir Ros Dumhach!

Nach iontach a thapúla agus a dhiúltaigh an tAire Comhshaoil do mholtaí measartha agus réasúnta na heagraíochta Shell chun Sáile fiosrú tomhasta a dhéanamh faoina bhfuil taobh thiar d’aighneas ghás na Coirbe! Níl an t-aire sásta glacadh leis gur féidir an dara tuairim a bheith ann seachas dearcadh Shell. Cá bhfuil neamhspleáchas agus aitheas an stáit imithe?
    Tá trí phrionsabal bhunúsacha i gceist san aighneas seo. I dtosach tá buncheist sábháilteachta agus sláinte. Táthar ag iarraidh píopaí ollmhóra a mbeadh ola ag sníomh tríothu faoi bhrú uafásach ard a chur faoi thalamh na ndaoine i ngar do thithe cónaithe.
    Píopaí táirgíochta iad seo nach ionann iad agus na píopaí aischuir nó píopaí seachadta a bhfuil taithí againn orthu. Níl a leithéid áit ar bith eile in Éirinn, agus bheidís thar a bheith contúirteach. Ní haon iontas é go bhfuil tuismitheoirí agus feirmeoirí glan ina gcoinne.
    Is é an dara prionsabal atá i gceist úinéireacht ar acmhainní nádúrtha. Séard atá san ola-réimse seo amach ó Iorras acmhainn de chuid na hÉireann a thug an polaiteoir cam Ray Burke saor in aisce do Shell. Ní bhfaighidh muintir na hÉireann oiread agus pingin (nó cent) rua ón saibhreas seo.
    Tá an Rialtas ag tabhairt le fios nach bhfuil an stát ná cuideachtaí Éireannacha in ann an láthair ola a shaothrú. Ní hí sin an cheist. Is ceist úinéireachta í. An le muintir na hÉireann talamh, farraige agus mianraí na hÉireann? I gcónaí is féidir linn cuideachtaí a fhostú ar chonradh leis an obair a dhéanamh ach gan an úinéireacht a thabhairt dóibh.
    Is í an tríú gné den ghnó seo an chaoi ar féidir le Shell an dlí i náisiúnstát a athrú nó a shárú de réir mar is mian leo. Ní ceart a dhearmad gur corparáid é seo a bhfuil aige buiséad—go deimhin, geilleagar iomlán—atá i bhfad níos mó ná mar atá ag go leor tíortha. Agus is cumhachtaí é dá réir ná an-chuid de náisiúnstáit an domhain, go fiú is stáit de na críocha gustalacha (nó an “chéad domhan,” mar a thugtar orthu coitianta).
    Bíonn Shell, ar nós corparáid ar bith dá leithéid, gan trua gan trócaire má sheasann daoine idir é agus an brabach mór. Réabfaidh sé tírdhreach, scriosfaidh sé pobail, dúnmharóidh sé daoine. Tá gach gníomh díobh sin déanta aige, an dúnmharú san áireamh.
    Sin slat tomhais ar mhisneach mhuintir Ros Dumhach. Nach ag muintir na hÉireann atá an t-ádh gur roghnaigh Shell teacht i dtír in Iorras! Fúinn uile atá sé luí isteach taobh thiar díobh.
    Ábhar mórspéise í an chaoi a bhfuil Michael McDowell tar éis an Garda Síochána a chur ar an láthair le stop a chur le hagóidí síochánta. Mar is eol do chách, bíonn iompar póilíní in aon tír ag brath ar an mionteagasc nó cur síos a bhíonn tugtha dóibh roimh dul i ngleic le léirsitheoirí.
    Tá an chuma ar an scéal gur tugadh le fios dóibh gur dream gránna amach is amach iad muintir macánta na dúiche agus go gceadófaí brúidiúlacht ina gcoinne.
    Léiríonn iompar an Gharda Síochána in Iorras Mhaigh Eo feidhm an stáit sa chóras caipitlíoch. Is léiriú é ar cé chomh imithe amú maidir le coincheap an stáit is atá daonsóisialaithe. Nuair nach mbíonn toil an phobail ag teacht le leas rachmasóirí caitheann an stát craiceann an daonlathais de agus téann sé i mbun lámh láidir ar mhaithe le lucht gustalachta trasnáisiúnta. Sin atá taobh thiar de na hionsuithe gránna ar mhuintir Ros Dumhach agus a dtacadóirí.
[CdeF]

Home page  >  Publications  >  Socialist Voice  >  November 2006  >  Seastar le muintir Ros Dumhach!
Baile  >  Foilseacháin  >  Socialist Voice  >  Samhain 2006  >  Seastar le muintir Ros Dumhach!