As Socialist Voice, Nollaig 2006

Comhrialtas cléach nua sa Chatalóin

Ar an 28ú lá de mhí na Samhna seo caite insealbhaíodh comhrialtas nua sa Chatalóin ina mbeidh an PSC, ERC (Clé Poblachtach) agus ICV (comhaontas de Chumannaigh agus Glasaigh) páirteach. Díol suntais—agus ábhar scannail sa Spáinn—gur roghnaigh an Taoiseach nua, José Montilla, Josep-Lluis Carod Rovira, ardrúnaí an ERC, mar Thánaiste. Is eisean “beithíoch dubh” pholaitíocht na Spáinne, toisc gur neamhspleáchas ón Spáinn cuspóir a pháirtí agus gur eisean a ghnóthaigh sos cogaidh sa Chatalóin ó ETA bliain sular fhógair ETA a leithéid don Spáinn.
    Is é José Montilla, ceannaire an PSC (Páirtí Sóisialach na Catalóine), an chéad Taoiseach ariamh ar an gCatalóin nach Catalónach ó dhúchas é. As Córdoba na hAndalúise dó; tháinig sé chun na Catalóine ina ghasúr. Is Catalóiniseoir é—cáilíocht riachtanach; i gCatalóinis a bhíonn imeachtaí Dháil na Catalóine.
    Is buille é an ceapachán seo do phríomhpháirtí deiseach na Catalóine, CiU (Convergencia i Unió). Bíodh is gur ghnóthaigh siadsan níos mó suíochán ná aon pháirtí eile i dtoghchán mhí na Samhna, d’fhágadh iad gan an móramh a theastaigh le rialú leo féin. Sna cainteanna a bhí acu leis an PSC agus le ERC faoi seach tar éis fhógairt thorthaí an toghcháin thairg siad leath na n-aireachtaí i gcomhrialtas nua don dá dhream úd ar choinníoll a gceannaire siadsan, Artur Mas, mar Thaoiseach. Bheidís pósta leis an PSC, dar leo, toisc tacaíocht Phríomh-Aire Zapatero na Spáinne a bheith acu.
    Bunaíodh dóchas seo CiU ar ról Mas i gconspóid na statúide nua a rialódh feasta an gaol idir Barcelona agus Madrid. Phléigh conláin uilig na Catalóine mionsonraí na statúide seo, a bhí comhaontaithe acu roimh ré, le hionadaithe rialtas lár na Spáinne. Sula raibh na moltaí Catalónacha ba radacaí pléite, áfach, lorg Mas—ar neamhchead a chomh-Chatalónaigh—cruinniú le Zapatero. Gheall sé leanúnachas thacaíocht a pháirtí do rialtas mionlaigh Zapatero i nDáil na Spáinne ar choinníoll go dtógfadh Zapatero ar chomhshóisialaithe an PSC bheith i gcomhrialtas leis an CiU mura ngnóthódh páirtí ar bith móramh i dtoghchán na Catalóine. An praghas a d’íocfadh Mas ná deireadh a chur leis an bplé faoin statúid, rud a d’oir do rialtas na Spáinne.
    D’éirigh le Zapatero Montilla—fear a bheadh i bhfad níba ghéilliúla do thoil Madrid., síleadh—a chur i gceannas an PSC. Tar éis an toghcháin bhí an pósadh réamhshocraithe idir an PSC agus CiU le ceiliúradh. Ach in áit theacht chuig an altóir mhaígh Montilla nach ngéillfeadh sé d’aon chur isteach ar chúrsaí na Catalóine “ón taobh amuigh.” Agus rinne pósadh polagamach leis an ERC agus ICV.
    D’fhéadfadh cinneadh seo Montilla a lorg a fhágáil ar pholaitíocht na Spáinne amach anseo. Rialtas mionlaigh atá ag PSOE Zapatero; an vóta Catalónach a choinníonn i gcumhacht é. Tá vóta CiU aige go dtí seo. Tuigeann Mariano Rajoy, ceannaire an PP (Partido Popular, oidhrí Franco), príomhpháirtí an fhreasúra, d’ainneoin pobalbhreitheanna a léiríonn go bhfuil an bhearna idir iad agus an PSOE ag caolú, nach mbeidh ceann ar bith de na príomhpháirtithe in ann rialú feasta sa Spáinn gan tacaíocht. Agus a líne sár-Spáinneach maolaithe ag Rajoy le deireanas, tá na comharthaí ann gur ag lorg céile atá sé.
    Tá tugtha le fios cheana féin ag ceannairí CiU nach mbeadh labhairt leis an PP as an áireamh dá maolódh sé an líne frith-Chatalónach atá á cleachtadh aige le tamall. Meabhraíodh muid go raibh an dá pháirtí dheiseach seo, an PP agus CiU, i gcomhleapachas roimhe seo agus CiU ag tacú le rialtas mionlaigh Aznar an PP!

[TMS]

Home page  >  Publications  >  Socialist Voice  >  December 2006  >  Comhrialtas cléach nua sa Chatalóin
Baile  >  Foilseacháin  >  Socialist Voice  >  Nollaig 2006  >  Comhrialtas cléach nua sa Chatalóin