From Socialist Voice, August 2008

“Mare Nostrum” agus an tImpire Nicolas

Leis an rírá maidir le diúltú Chonradh Liospóin, is beag aird a tugadh go dtí seo ar bhunú Aontas na Meán-Mhara i bPáras ar 13 Iúil. Cuireann an t-aontas sin roimhe limistéar saorthrádála a bhunú idir an tAontas Eorpach agus deich mballstát eile. Is iad siúd an Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin, Iosrael, an Liobáin, Maracó, an tÚdarás Palaistíneach, an tSiria, an Túinéis, agus an Tuirc. Tá Libia rud beag amhrasach faoin rud ar fad, ach fanann sí istigh ann mar bhreathnóir.
     Tá sé i gceist limistéar saorthrádála a dhéanamh den AE agus na tíortha ar fad cois Meán-Mhara. Chomh maith leis sin beidh “comhoibriú” idir an tAE agus na ballstáit den aontas nua maidir le forbairt eacnamaíoch, fostaíocht, polasaí fuinnimh, an comhshaol, cúrsaí iompair, agus “cosaint an phobail.”
     Ar fhaitíos go mbeadh aon amhras ar aon duine faoi cé atá i gceannas, tá sé socraithe go mbeidh rúnaíocht an aontais faoi stiúradh na Fraince i gcomhar leis an Éigipt. Táthar ag rá cheana féin go bhféadfaí comhinstidiúidí a bhunú amach anseo don Aontas Eorpach agus don Aontas Meán-Mhara. Mheabhródh sé seo do dhuine mar a thugadh na Rómhánaigh Mare Nostrum (“an Mhuir Seo Againne”) ar an Meán-Mhuir anallód.
     Le deich mbliana anuas ta cumhacht an AE méadaithe go mór ar chóstaí thoir agus theas na Meán-Mhara le meascán de mhaistíneacht agus infheistíocht. Foráis ar leith san impiriúlachas iad na próisis trína bhfuil an tAontas Eorpach ag leathnú a chumhachta go hinmheánach agus a smachta go seachtrach, ar lear mór de thíortha taobh amuigh de.
     Níl an “chreidiúint” as an bhforás seo tuillte go hiomlán ag Nicolas Sarkozy, ó tá an próiseas seo ag dul ar aghaidh ó lár na 1990í, ach d’oir sé dó go raibh uachtaránacht Chomhairle Airí an AE ag an bhFrainc ag an bpointe seo. Níor fhág an Fhrainc an Afraic riamh. Coinníonn sí forlámhas polaitiúil, eacnamaíoch agus cultúrtha ar a seanchoilíneachtaí. Tá ceithre bhunáit mhíleata ollmhór ag an bhFrainc san Afraic faoi láthair: in Djibouti, ar oileán Réunion, sa tSeineagáil agus sa Ghabúin. Chomh maith leis sin tá na mílte saighdiúir aici sa Chósta Eabhair, i Sead agus i bPoblacht na hAfraice Láir.
     Ábhar spéise ar leith é Sead. Cliant de chuid na bhFrancach an deachtóir ansin, Idris Deby. Níl daonlathas den chuid is meicniúla fiú ansin. Bíonn caint anois is arís ar olltoghchán, ach cuirtear an toghchán siar arís is arís eile. Ní chloistear na glórtha olagóin faoi Shead mar a chloistear faoin tSiombáib.
     I mí Feabhra bhí Deby ar tí titim nuair a chuir fórsaí frithrialtais an phríomhchathair, N’Djamena, faoi léigear, ach d’éirigh le fórsa Francach é a shábháil. Tá díorma 3,700 saighdiúir curtha isteach i Sead ag an Aontas Eorpach (Eufor) le teacht i gcabhair ar na Francaigh agus a gcliant ansin. Tá buíon Éireannach páirteach sa Eufor seo, ar an mbonn go bhfuil siad ann le teifigh ó Darfur a chosaint, ach níl an leithscéal sin inchreidte óna himeachtaí go nuige seo ná óna trealamh nó ón bpáirt cheannasach atá ag na Francaigh sa tionscnamh.
     Is é a deir François-Xavier Verschave, údar Noir Silence agus La Francafrique, “Tá go leor i bPáras a chreideann i gcónaí gurb í an Afraic a ngairdín príobháideach, ar féidir leo a rogha rud a dhéanamh ann, ar féidir gach saghas cora a dhéanamh ann agus ina bhfuil saoirse ó phionós i réim ann.”
     Na daoine in Éirinn a deir go mba cheart páirt níos mó a bheith ag an tír seo i míleatú an Aontais Eorpaigh agus ina chuid eachtraí míleata i bhfad ó bhaile is é atá i gceist acu gur ceart dúinn taobhú go hoscailte agus go hiomlán leis an impiriúlachas. B’in teagasc Sheáin Mhic Réamainn. Diúltaíodh don teagasc lena linn. Diúltaítear dó arís.
[CDF]

Home page  >  Publications  >  Socialist Voice  >  August 2008  >  “Mare Nostrum” agus an tImpire Nicolas
Baile  >  Foilseacháin  >  Socialist Voice  >  Lúnasa 2008  >  “Mare Nostrum” agus an tImpire Nicolas