From Socialist Voice, August 2009

Rialtas gan dualgais shóisialta is cuspóir do Bhord an Luain

Is é is cuspóir do Bhord Mhic Charthaigh—Bord an Luain—deireadh go deo a chur le coincheap daonsóisialach an stát a tháinig chun cinn san fhichiú haois, is é sin an coincheap go raibh dualgas ar an stát a chinntiú go mbeadh íoschaighdeán maireachtála ag gach saoránach, go gcuirfí bunús oideachais ar fáil saor in aisce do chách, go nglacfadh an stát freagracht as cúram a dhéanamh de sheirbhísí sláinte an mhórphobail, agus go gcuirfeadh an stát le cur chun cinn an chultúir agus na n‑ealaíon le nach mbeidís siúd teoranta do lucht an airgid.
     Cuireadh go mór leis an stát daonsóisialach an uair a bhí na stáit shóisialacha san Eoraip faoi bhláth. Thuig aicmí tiarnais—agus iad scanraithe le haisling an tsóisialachais ar íor na spéire—nach raibh aon dul as acu ach géilleadh do na héilimh ba bhunúsaí ag an gcosmhuintir. Dul chun cinn iontach mór a bhí sa stát daonsóisialach: chinntigh sé faoiseamh mór do thromlach na ndaoine, agus chruthaigh sé sochaí ina bhféadfadh daoine a bheith dóchasach go dtiocfadh feabhas ar a saol, nó ar a laghad ar shaol a gclainne.
     Ar ndóigh, ní raibh lucht rachmais sásta riamh leis seo. Ní fhéadfaí seirbhísí an stáit dhaonsóisialaigh a choinneáil ar aghaidh gan dianchóras cánach a chur i bhfeidhm, is é sin méid áirithe maoine a aistriú uathu siúd a bhfuil i bhfad an iomarca acu go dtí an mórphobal trí chéile.
     Sna Stáit Aontaithe bíonn coimeádaithe de shíor ag caint ar “rialtas beag.” Is é an t‑idéal a bhíonn acu go ngearrfaí siar cúraimí an stáit le nach mbeadh d’aidhm aige ach an dlí agus an tsíocháin a choimeád, nó, len é a rá ar bhealach eile, naimhde eachtracha a chur ó dhoras agus mí-ord (freasúra inmheánach) a chosc. Ní bheadh sa rialtas ach coiste de chuid na haicme tiarnais, ba chuma cad iad na cosúlachtaí daonlathacha a bheadh ar dhromchla an chórais pholaitiúil. D’fheidhmeodh rialtas beag mar lucht faire a choiscfeadh cur isteach ar an margadh nó ar an gcóras caipitleach.
     Is é is mian do thacadóirí seo an “rialtais bhig” an geilleagar a shaoradh ó shrian ar bith seachas an margadh. Is geall le dia-mhasla é ina n‑intinn aon chur isteach ar an margadh, olc, maith, nó dona. Beidh roinnt mhaith daoine thíos le luaineachtaí an mhargaidh ó thráth go chéile. Beidh cuid acu thíos leis an t‑am ar fad. Ní ceart go mbainfeadh sé sin leis an stát, a deir leithéid Bhord an Luain. Má tá daoine (atá go maith as) buartha faoi, is féidir leo dul i mbun gníomhaíochta carthanachta.
     Cuidíonn sé le rachmasóirí na Stát Aontaithe go bhfuil an piúratánachas go láidir sa chultúr ansin, agus is de dhlúth agus d’inneach an phiúratánachais an creideamh gur ar na boicht atá an locht go bhfuil siad bocht. Tá sé seo le brath freisin ar chaint Mhic Charthaigh.
     Is léir gur fíréin de chuid eaglais an “rialtais bhig” iad an Carthach agus a chomhghleacaithe ar Bhord an Luain. Ba mhaith leo go mbeadh a laghad daoine agus is féidir fostaithe ag an stát agus go mbeadh a laghad agus is féidir á n‑íoc leo. Ba mhaith leo freisin cúraimí an stáit a laghdú chomh mór agus is féidir (fad is nach gcuirtear forlámhas an chaipitleachais i mbaol).
     Is cosúil nach gcreideann siad sa tsochaí, ar nós Margaret Thatcher. Níl sa saol dóibh ach geilleagar, agus níl sa gheilleagar ach margadh. Ba mhaith leo an Margadh Diaga a chur i gceannas san oideachas, sa chóras leighis, sna healaíona, agus sa saol ar fad. Má tá oideachas, dea-shláinte agus comhshaol folláin de dhíth ar dhaoine, íocaidís as! Agus munar féidir . . . ? Á, bhuel! Is bocht an scéal é, ach ní cheart go mbainfeadh sé leis an stát. Ar a laghad beidh “rogha” acu!
     Dar leo, is seafóideach an rud é go bhfuil an stát ag íoc pinsin de chineál ar bith le daoine: déanadh daoine a socruithe féin faoi phinsean! Agus maidir le pinsean seanaoise . . . Tá daoine ag maireachtáil i bhfad níos faide na laethanta seo, mór an trua!
     Ní chreideann siad go bhfuil dualgas ar an stát cuidiú le tuismitheoirí páistí a thógáil. Tá cuid againn den tuairim go bhfuil na páistí ar an maoin is tábhachtaí atá ag an náisiún; ach “náisiún,” “sochaí,” “pobal,” “cultúr”—ní chiallaíonn na téarmaí sin dada do Bhord an Luain; níl áit sa mhargadh dóibh. (Cé go ndeirtear go gceapann cuid acu gurb ionann “cultúr” agus “The Fields of Athenry” a chasadh in Doheny and Nesbitt’s ar a ceathair a chlog ar maidin.)
     Cuireann siad in aghaidh cuideachtaí státurraithe, go háirithe má bhíonn siad ag feidhmiú go maith, ar nós Bhus Éireann nó BSL, cuirim i gcás. Má bhíonn costas le híoc ar sheirbhís tá siad ina coinne ar an gcúis sin; má bhíonn teacht isteach ó sheirbhís creideann siad go mba cheart go mbeadh an teacht isteach sin ag an earnáil phríobháideach.
     Tá Bord an Luain tar éis cogadh a fhógairt ar lucht oibre na hÉireann. Cuirimis luí na bhfód orthu!
[MMA]

Home page  >  Publications  >  Socialist Voice  >  August 2009  >  Rialtas gan dualgais shóisialta is cuspóir do Bhord an Luain
Baile  >  Foilseacháin  >  Socialist Voice  >  Lúnasa 2009  >  Rialtas gan dualgais shóisialta is cuspóir do Bhord an Luain