From Socialist Voice, December 2009

Na ciaróga ag tacú lena chéile!

Nach iontach an rud é go raibh Brian Cowen chomh tapa sin ag tabhairt tacaíocht do Tony Blair mar ábhar uachtaráin ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh! Is ar éigean go raibh na boscaí ballóide agus na pinn luaidhe curtha i leataobh tar éis an reifrinn nuair a nocht Taoiseach na hÉireann a rogha don phost nua.
     Is léir go raibh réamhphlé agus margadh déanta faoi rún i bhfad roimh ré. Ach cén margadh? Cén fáth a bhfuil Rialtas na hÉireann ag tacú le hiarrthóir na Ríochta Aontaithe? Is cinnte nach bhfuil aon éileamh i measc mhuintir na hÉireann go dtacófaí le Blair. Ní dócha ach an oiread go bhfuil aon tacaíocht ann do Blair i measc chúlbhinseoirí nó bhaill Fhianna Fáil. Pé ar bith, níor cuireadh ceist orthu siúd fiú.
     Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí, is é sin, comhairle cheannairí na mballstát san AE, an oifig atá in ainm is a bheith sa phost nua, ach is féidir a bheith cinnte de go mbeifear ag tabhairt "Uachtarán na hEorpa" ar an té a cheapfar ón gcéad lá. In ainneoin gur baineadh na siombailí stáit ó Chonradh Liospóin a thabharfadh le fios gur stát nó cónaidhm fheidearálach a bheadh á mhúnlú san Aontas Eorpach nua a thiocfaidh isteach tar éis dhaingniú na Seiceach ar Liospóin, brúfar na siombailí sin ar aghaidh, agus tá gné shiombalach ag baint le huachtarán a bheith “ar an Eoraip.”
     Ach ar ndóigh tá i bhfad níos mó ná post siombalach i gceist. In ainneoin an íomhá ar mhaith le príomh-airí a chruthú, go mbíonn siad ag troid go dtí an dé deiridh ag cruinnithe na Comhairle Eorpaí faoi gach mionphointe, is í an fhírinne go mbíonn 90% den obair déanta ag daoine eile sula bhfágann siad baile. Bíonn ionchur an-mhór ag an gCoimisiún Eorpach agus ag ard-státseirbhísigh na mballstát i ngach cinneadh. Ar lá an chruinnithe glactar leis an gcuid is mó dá mbíonn socraithe gan aon díospóireacht ar fiú trácht uirthi.
     Go dtí seo ba iad feidhmeannaigh an bhallstáit a bhí ina uachtarán a dhéanfadh comhordú ar an mionphlé seo i ngan fhios don phobal taobh thiar de dhoirse dúnta. Tá deireadh á chur leis an gcóras úd ina mbíodh téarma uachtaránachta sé mhí ag gach ballstát. As seo amach is duine aonair a bheas i gceannas dhréachtú agus chumadh polasaithe, agus tugann sé sin an-chumhacht go deo don duine a ainmnítear. Amach anseo beidh an oifig seo ar cheann de na poist is cumhachtaí ar domhan, cé go mb’fhéidir nach mbeidh sé chomh cumhachtach le huachtaránacht an Choimisiúin.
     Léiriú é seo ar an gcaoi a bhfuil daonlathas á mhúchadh taobh istigh den Aontas Eorpach. Is léiriú breise é ar an gcaoi a bhfuil an daonlathas cúngaithe in Éirinn gur féidir leis an Taoiseach vóta na hÉireann d’uachtaránacht an AE a shocrú gan dul i gcomhairle le haon chomhlacht thofa.
     Agus, faoi mar a tharlaíonn, tá an vóta sin á thabhairt do dhuine a sheasann ar son leas lucht airgid agus gadaíocht acmhainní ón domhan atá i mbéal forbartha. Ba é Blair an tacadóir ba mhó ag George Bush. D’fhear siad cogadh gránna ar an Iaráic, agus is iad sa deireadh thiar thall atá ciontach as léirscrios a dhéanamh ar mhuintir na tíre sin ar mhaithe le greim a fháil ar olacheantair.
     Agus ina dhiaidh sin ceapadh é ina “thoscaire síochána” sa Mheán-Oirthear! Níl aon duine sa chuid sin den domhan róchinnte cad a dhéanann sé mar “thoscaire síochána,” ach is cosúil go bhfuil sé á lua mar dhuine a d’fhéadfadh Duais Síochána Nobel a bhaint amach sa todhchaí! Bhuel, d’éirigh le Kissinger, coirpeach cogaidh eile, é sin a dhéanamh, nár éirigh?
     Níl ach áit amháin ar cheart Tony Blair a chur agus sin go dtí an Binse Idirnáisiúnta um Choireanna Cogaidh sa Háig.
[CDF]

Home page  >  Publications  >  Socialist Voice  >  December 2009  >  Na ciaróga ag tacú lena chéile!
Baile  >  Foilseacháin  >  Socialist Voice  >  Nollaig 2009  >  Na ciaróga ag tacú lena chéile!