Bealtaine 2014        

Díspeagadh déistineach


Níorbh díspeagadh go dtí é ar throdaithe saoirse na hÉireann i 1916 agus na blianta ina dhiaidh páirtíocht Enda Kenny sa gheamaireacht i Messines na Beilge i mí na Nollag agus arís feacadh glúine bhunaíocht na tíre le linn phornagrafaíocht ríoga na míosa seo caite.
      Tá meáin na bunaíochta, polaiteoirí, eaglaisigh agus ceiliúráin ag moladh Enda, Éamonn, Michael D agus Martin go barr na spéire as tús a chur le comóradh “aibí” ar imeachtaí 1914–1922. Ní raibh i Messines ach tús le sraith imeachtaí leibideacha ina bhfuil ionadaithe an stáit Éireannaigh ag sárú a chéile le hómós a thabhairt d’airm na himpireachta i gcogadh 1914–18. Bhí searmanas ag iarshaighdiúirí d’arm Shasana i Reilig Ghlas Naíon ag deireadh Mhárta agus meitheal bhratach de chuid arm na hÉireann i gcomhpháirt leo, ar ordú ón Rialtas. Agus anois deirtear linn go mbeidh ionadaí an namhad, an rídhamhna féin, ag glacadh páirt i gcomóradh Éirí Amach na Cásca i 2016!
      Feachtas polaitiúil atá sa cheiliúradh leitheadach atá ar bun ag rialtas Shasana ar chogadh impiriúil 1914–18. Baineann sé le 2014 níos mó ná le 1914. Táthar buartha faoi chur in aghaidh chogaí impiriúla na linne seo i measc mhuintir na Breataine. Baineadh geit an-mhór as an mbunaíocht impiriúil nuair a chuir brú ón bpobal iallach ar na feisirí parlaiminte cead a dhiúltú arm Shasana a chur isteach sa tSiria. Eascraíonn cuid mhaith den bhrú sin ó líon mór na dtaismeach atá arm Shasana tar éis a fhulaingt san Afganastáin.
      Toradh amháin air sin gur socraíodh anuraidh nach dtabharfaí an oiread sin poiblíochta do shochraidí saighdiúirí a maraítear. Níl na cónraí le feiceáil chomh minic sin ar an teilifís na laethanta seo. Cuireadh deireadh le mórshiúlta sochraide trí na sráideanna, agus anois tugtar na corpáin ar lámh do na gaolta i mbunáite den RAF agus scoite amach ón timpeallacht phoiblí.
      Ceist eile nach bhfuil rófhada ó intinn bhunaíocht Londan is ea an fhéidearthacht go n-éileoidh muintir na hAlban neamhspleáchas sa reifreann ar 18 Meán Fómhair. Cuireann sé sin scanradh ar an aicme thiarnais, mar chiallódh sé díscaoileadh na Ríochta Aontaithe. Mar thoradh air sin táthar ag cur béim sna meáin ar “Bhriotanachas” seachas ar Shasanachas agus ar institiúidí a luaitear “Briotanachas” leo, go háirithe na fórsaí cogaidh agus an mhonarcacht.
      Agus is é sin an tríú rud atá á chur chun cinn san fheachtas ceiliúrtha seo: cur chun cinn agus buanú na monarcachta. Is í an mhonarcacht Shasanach an fhuílleach lofa atá fágtha den chlann chraobhach úd, idir rí, shár, agus chéasar, a chuir a mbeannacht ar an ár i 1914. Ón “Réabhlóid Ghlórmhar” (1688) i leith tá cónascadh déanta idir an institiúid bhreac-Mheánaoiseach seo agus leas na buirgéiseachta sa chaoi is gur taca láidir í leis an impiriúlachas sa lá inniu.
      Tá an stát Éireannach ag teacht i gcabhair ar aicme thiarnais Shasana agus ar rialtas na dTóraithe ar bhealach gáirsiúil mínáireach. Agus cé a chreidfeadh é ach gurb é ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Éamonn Gilmore, an té is díograisí sa Rialtas maidir le tacú le míleatachas lucht airgid Londan. Agus nárbh truamhéalach an rud é mar a bhí an tUachtarán Ó hUiginn sásta é féin agus a oifig a ísliú leis an gclár frithbheartach seo a chur chun cinn.
      Ach an rud is déistiní ar fad a thabhairt le fios go bhféadfaí ómós a thabhairt d’airm impiriúla 1914–18 (nó 2014) agus dílseacht a thabhairt do chuspóirí éirí amach daonlathach 1916 san am céanna.
[CDF]

Home page  >  Socialist Voice  >  May 2014  >  Díspeagadh déistineach
Baile  >  Socialist Voice  >  Bealtaine 2014  >  Díspeagadh déistineach