June 2014        

Leabhair

Tomhas maith ar Bono


Harry Browne, The Frontman: Bono (In the Name of Power) (London: Verso, 2013; ISBN 978-1-781-68082-7; £9.99)

Is é Bono rí na gceiliúrán in Éirinn, i dTeach Uíbh Eachach, ceann­áras na Roinne Gnóthaí Eachtracha, go háirithe. Nuair a theastaigh ón roinn Éireannach mór le rá a chur ar fáil mar chomhluadar lóin do Michelle Obama agus dá clann iníonacha, cé a roghnaigh siad ach na tUasal Bono. (Nárbh ghránna an t‑ualach é sin a chur ar bheirt chailíní óga!)

      Le linn do phríomh­ionadaithe an chaipitleachais in Éirinn a bheith ag alpadh a ndinnéir in Davos cé a roghnaigh an roinn chéanna le bheith ina spreag­chainteoir ach an Bono céanna. Ansin, nuair a bhí comhdháil ag Páirtí Eorpach an Phobail (EPP), comh­ghuaillithe na Léinte Gorma san Aontas Eorpach, tugadh cuireadh don mhór­cheiliúrán céanna óráid a thabhairt dóibh.
      Is cineál séiplínigh thuata do lucht an airgid é Bono. Bíonn sé ag maíomh as a chairdeas le Barack Obama, Bill Clinton, George W. Bush, Tony Blair, Paul Wolfowitz, Jeffrey Sachs, agus an oiread san eile. Ní luann siad siúd eisean chomh minic céanna, agus tá daoine ann a deir go léiríonn Bono coimpléasc ísleachta de shíor.
      Bíodh sin amhlaidh nó ná bíodh, ba é Bono cleachtóir mór na bhféin­phiceanna, nó “selfies,” i bhfad sular éirigh a leithéid coitianta. Is breá leis na gradaim ar fad atá bronnta air. Orthu siúd tá an teideal “knight commander of the Most Excellent Order of the British Empire.” Faoi mar a deir Harry Browne (léachtóir in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath) in The Frontman, “he is . . . a perfect representative of a class that has long since made its peace with imperialism in all its forms and facets.”
      Sa leabhar céanna ríomhann Browne go leor d’eachtraí Bono. Léiríonn sé mar a bhí mórtas de chineál aisteach ar an tacadóir seo den nua-liobrálachas gnóthas U2 a aistriú go hoifigiúil go hAmstardam d’fhonn éalú ó cháin in Éirinn. Dar le Browne is bolscaire ar son dúshaothraithe impiriúlaigh é Bono.
      I gcónaí riamh bhí U2 nimhneach frith­phoblachtach. Dhiúltaigh siad páirt a ghlacadh i bparáid Lá Fhéile Pádraig i Nua-Eabhrac i 1982 nuair a ceapadh Bobby Sands ina ard-mharascal oinigh mar ghradam iar­bháis. Ar feadh i bhfad bhí sé de nós ag Bono bratach na hÉireann a stróiceadh le linn coirmeacha thar lear.
      Is é an rud is mó a chuireann as d’an-chuid daoine an fhimíneacht a ghabhann lena “radacachas.” Sampla maith de sin an chaoi ar bhain sé leas as an Afraic mar bhranda nó frapa ar feadh na mblianta. San am céanna sheas sé leis na polasaithe impiriúlacha atá ag neartú an dúshaothraithe ar an mór-roinn sin. Ar ócáid amháin bhain sé leas as tírdhreach Afracach le haghaidh fógra anchúinseach do mhálaí leathair Vuitton (a chosnaíonn €1,000 an ceann).
      Faoi mar a deir Harry Browne i ndeireadh a leabhair, is cuma faoi shean­chúlra Bono: is duine é den scoth­aicme úd, ar 0.1 faoin gcéad iad de phobal an domhain, atá de shíor ag iarraidh an domhan céanna a eagrú agus a ath­eagrú ar mhaithe lena mbrabach féin. Níl aon chuid den idéalachas a bhíodh ag U2 daichead bliain ó shin fágtha. Níl fágtha ach “Bozo,” mar a ghlaonn Sinéad O’Connor air.
      Tá Bozo tomhaiste go maith ag muintir na hÉireann faoin tráth seo. Is trua go maireann a íomhá bhréagach fós in áiteanna thar lear.
[CDF]

Home page  >  Socialist Voice  >  June 2014  >  Tomhas maith ar Bono
Baile  >  Socialist Voice  >  Meitheamh 2014  >  Tomhas maith ar Bono