July 2014        

An Garda Síochána scriosta le polaitíocht


Ní inné ná inniu a tháinig ceisteanna chun cinn faoi fheidhmíocht nó ionracas an Gharda Síochána. I gcónaí riamh ba “phoblacht neamh­spleách” é taobh istigh den stát, agus níor leasc le go leor de na baill, an cheannasaíocht san áireamh, gníomhú taobh amuigh den dlí.
      Níorbh é Martin Callinan an chéad duine a díbríodh as post an choimisinéara. Briseadh Eoin O’Duffy as oifig i 1933 tar éis do rialtas Fhianna Fáil teacht ar fhianaise go raibh sé tar éis tathant ar cheannairí Chumann na nGaedheal coup d’état a chur ar bun an bhliain roimh ré. Ina dhiaidh sin chuaigh O’Duffy i gceannas ar na Léinte Gorma, agus ba é an t‑uachtarán bunaidh é ar Fhine Gael.
      D’eagraigh sé buíon mhíleata a chuaigh go dtí an Spáinn i 1936 le tacú le faisistigh Franco, agus níos deireanaí thairg sé do na Naitsithe go n‑eagródh sé “briogáid Éireannach” le troid in aghaidh na Sóivéadach ar an bhfronta thoir. Go dtí go bhfuair sé bás bhí go leor de bhaill an Gharda Síochána a bhreathnaigh air mar choimisinéir ar deoraíocht.
      Ach níorbh aon dóichín é an coimisinéir a tháinig ina dhiaidh, Ned Broy. D’eagraigh seisean díorma ar leith de phóilíní polaitiúla a raibh droch-chlú orthu faoin leas­ainm “Broy Harriers.” Earcaíodh iad seo ó lucht tacaíochta de Valera; agus cé gur throid siad na Léinte Gorma ag an tús, dhírigh siad ina dhiaidh sin ar phoblachtaigh agus sóisialaithe a chur faoi chois. Ba iad a chráigh lucht tacaíochta Chomhdháil na Poblachta agus an Pháirtí Chumannaigh sna 1930í. Ba é Ned eile, Ned Garvey, an coimisinéir ba mhó a chomh­oibrigh le fórsaí na Ríona sa Tuaisceart agus thart fán teorainn. Creidtear gur thug sé go leor eolais agus cúnaimh dóibh i ngan fhios dá rialtas féin. Ba lena linn (agus Paddy Cooney ina aire dlí agus cirt) a tugadh cead a gcinn don “Heavy Gang,” a raibh an cheastóireacht ina huirlis straitéiseach acu. D’athraigh Garvey na rialacha inmheánacha sa chaoi is gur leagadh cúraimí polaitiúla ar na gnáth-aonaid bhleachtaireachta. Fós féin ní fios go poiblí cén ceangal go díreach a bhí aige le lucht faisnéise Londan; ach bhraith an Rialtas gurbh éigean é a bhriseadh i 1978. Agus, ar ndóigh, briseadh an té a tháinig i gcomharbacht air, Patrick McLaughlin, as a pháirt i gcúl­éisteacht le gutháin iriseoirí. Duine dá choimisinéirí cúnta, “Two Guns” Ainsworth, a d’eagraigh é sin i gcomhar leis an aire dlí agus cirt, Seán Doherty, iar-bhall den Bhrainse Speisialta. (Bhí sé sin suimiúil ó bhí na Gardaí ag cúl­éisteacht go mídhleathach le gutháin saoránach ó thús chomh maith le litreacha a léamh agus, na laethanta seo, téacsanna agus ríomh­phost a scrúdú.)
      Ar ndóigh, is í an fhoinse éillitheachta is measa sa Gharda Síochána an Brainse Speisialta. Bíonn tuiscint ann i mórán gach stát go n‑oibríonn póilíní polaitiúla ar imeall an dlí, agus nuair a théann siad taobh amuigh de dúnann lucht polaitíochta agus na meáin na súile.
      Níl Éire difriúil sa mhéid sin. Is club iad baill agus iar-bhaill an Bhrainse taobh istigh den Gharda Síochána, agus tugann siad aire do dhroma a chéile. Is acusan is fearr a bhíonn na teagmhálacha polaitiúla nuair a bhíonn ardú céime ar íor na spéire. Ní bheidh an Garda Síochána saor ó éilitheacht fad is a bhíonn an Brainse Speisialta ann. Tá an mí-iompar ar fad atá faoi chaibidil leis na blianta fada anuas bunaithe ar chleachtais atá sean­bhunaithe sa Bhrainse céanna.
[CDF]

Home page  >  Socialist Voice  >  July 2014  >  An Garda Síochána scriosta le polaitíocht
Baile  >  Socialist Voice  >  Iúil 2014  >  An Garda Síochána scriosta le polaitíocht