July 2014        

Réabhlóid na Fraince agus a polasaithe eacnamaíocha


Ba í Réabhlóid na Fraince an tréimhse staire ba mhó tionchar ar pholaitíocht agus idé-eolaíocht na hEorpa sna trí haois dheireanacha.
      Leath tionchar na réabhlóide go dtí gach críoch ar domhan, agus roghnaíodh tríd­hathacha mar shuaitheantas beagnach gach náisiún a lorg neamh­spleáchas, múnlaithe ar an mbun-leagan Francach. D’iompair Réabhlóid na Fraince an caipitleachas mar chóras eacnamaíoch go hilchríoch na hEorpa céad agus ceathracha bliain tar éis gur thosaigh an próiseas céanna ar an taobh eile de Mhuir nIocht le tús Cogadh Cathartha Shasana sa bhliain 1642.
      Scaip lucht leanúna na réabhlóide teagasc an daonlathais, ach bunaíodh impireacht Francach in 1804 agus tharla athghairm in 1814. Ní mór anailís a dhéanamh ar na hathruithe bhuana a tharla do shochaí na Fraince agus sochaí na hEorpa chun iarmhairtí na tréimhse sin a mheas.
      Bhí córas feodach talmhaíochta fós i bhfeidhm sa Fhrainc ó thús an ochtú haois déag, agus bhí dhá thriain den talamh arúil roinnte idir an Eaglais, an uasaicme, agus roinnt ceannaithe saibhre. Faraor, thosaigh córas caipitleach talmhaíochta ag teacht ar an bhfód taobh leis an gcóras feodach i dtuaisceart na Fraince amháin. Chuaigh líon na “grandes fermes” i méid, agus bhí saothraithe á bhfostú ar na feirmeacha móra sin.
      D’fhás aicme d’fheirmeoirí saibhre, an bourgeoisie tuaithe, a d’éiligh saor­thrádáil i gcás gráin, rud a mhéadódh a mbrabús mar gheall ar a modhanna nua-aimseartha ach a dhéanfadh dochar d’ioncaim an uas­aicme. Chothaigh an aicme seo ath­chorraíl i measc na saothraithe agus na dtuathánach le linn na réabhlóide. Faraor, bhí an iomarca tuathánaigh sa tír fós ag cleachtadh feirmeoireacht leor­chothaitheach, rud a chuir bac ar thráchtálú na talmhaíochta. Theastaigh ón bourgeoisie uirbeach agus tuaithe go rachadh na tuathánaigh ar imirce go dtí na bailte móra chun soláthar saothair a chur ar fáil don tionsclaíocht, agus margadh a chur ar fáil don táirgíocht talmhaíochta.
      Ba í an bourgeoisie uirbeach (lucht na ngairmeacha, tionsclaithe, ceardaithe saibhre agus úinéirí talún) a d’imir an pháirt ba mhó le linn na réabhlóide. Mhéadaigh líon na trádála eachtraí faoi thrí idir 1716 agus 1770 mar thoradh ar easpórtálacha go dtí na coilíneachtaí. Tháinig borradh faoi chalafoirt ar an gcósta Atlantach, ar nós Bordeaux. Dhúbail méid geilleagair na Fraince laistigh de sheachtó bliain san ochtú haois déag.
      In 1786 síníodh Conradh Eden, conradh saorthrádála idir an Fhrainc agus an Bhreatain, chun trádáil a spreagadh trí taraifí a laghdú. Bhí iarmhairtí uafásacha ag an gconradh don Fhrainc, toisc go raibh easpa éilimh sa mhargadh náisiúnta, agus thosaigh tíortha eile ag dul i dtreo an chosantaíochais. Ní raibh sé ar chumas na dtionsclaithe Francacha teicneolaíocht nua a fhorbairt chun dul in iomaíocht leis an mBreatain.
      Sa bhliain 1789 bhí inneall gaile ag cuideachta amháin sa Fhrainc uile, rud a léiríonn an easpa teicneolaíochta sa tír. Chuir an mhonarcacht agus an córas feodach constaicí ar dhul chun cinn an bourgeoisie.
      Léiríonn Bunreacht 1791 dúinn go soiléir gur réabhlóid bourgeois í Réabhlóid na Fraince go dtí sin. In ainneoin gur socraíodh toghcháin don Chomhthionóil Náisiúnta, roinneadh na saoránaigh ina dhá n‑aicme: gníomhach agus neamhghníomhach. Tugadh “saoránaigh ghníomhacha” orthu siúd a raibh cáilíochtaí measartha maoine acu nó a d’íoc ráta ard cánach don rialtas, agus tugadh an vóta dóibhsean amháin.
      Feictear tionscnaimh an Chomhthionóil chun tionsclaíocht a spreagadh trí shaorthrádáil a bhunú sa mhargadh náisiúnta, a thosaigh in 1789. Cuireadh córas caighdeánach meáchan i bhfeidhm, cuireadh deireadh leis na dolaí arda, agus díbríodh na smachta a bhíodh i bhfeidhm ar tháirgeacht ábhair monaraithe. Socraíodh na beartais seo chun an bourgeoisie a shásamh. Spreagadh indibhidiúlacht eacnamaíoch le Dlí Allaire, a chur deireadh leis na cuideachtaí móra a chur i gcoinne an iomaíochta. Bhí an ceart ag cách gnó a bhunú.
      Bhain na Jacobins cumhacht amach sa Chomhdháil Náisiúnta in 1793. D’fhabhraigh na Jacobins rialtas láraithe, agus cuireadh an cosantaíochas i bhfeidhm go forleathan sa gheilleagar. Theastaigh ó na Jacobins tionscal na Fraince a chur faoi smacht iomlán an rialtais agus é a chosaint ar iomaíocht eachtrach. Thug an tAcht Loingseoireachta monaplacht iomlán don rialtas ar an earnáil seo. Rinneadh an rud céanna le tráchtáil iasachtach uile in 1794.
      Bhí géarghá le soláthraí don arm, agus fógraíodh “slógadh náisiúnta” tar éis gur tháinig na Jacobins i gcumhacht. Ba bheartas lárnach de chuid na Jacobins é an maximum général nó uasluach ginearálta, a cuireadh i bhfeidhm ar an 29ú lá de Mheán Fómhair. Léiríonn an cinneadh seo tionchar na n‑aicmí oibrithe i gceantair uirbeacha, grúpaí ar bhraith na Jacobins orthu i gcomhair tacaíochta. Ba bheartas nua eacnamaíoch é seo chun bac a chur leis an bhforbhoilsciú.
      Tugadh “Éirí Amach Thermidor” ar eachtraí an 28ú Iúil 1794. D’fhógair ceannairí an éirí amach “Poblacht na nDílseánach,” ach tugtar an Direachtóireacht ar an réim seo idir 1794 agus 1799. Dhaingnigh an Direachtóireacht dul chun cinn an bourgeoisie, agus mhair sí le tacaíocht na dtuathánach saibhir agus an bourgeoisie uirbeach. Laghdaíodh ar bheartais chonsantaíochais na Jacobins; ní raibh saorthrádáil ag cur as do chách. Cruthaíodh monaplachtaí príobháideacha, a mhair ar chonarthaí stáit agus a raibh tionchar orthu ar bheartas eacnamaíoch an stáit. Díoladh talamh a náisiúnaíodh faoi na Jacobins do na haicmí ba shaibhre. Socraíodh córas indíreach toghcháin a láraigh an chumhacht i láimhe thart fá 30,000 úinéir maoine mhóra.
      Ba thréimhse míshocair eacnamaíoch í an Direachtóireacht. Bhí teannas idir na monarcaithe agus an eite chlé (na Jacobins agus na sans-culottes), agus bhuail géarchéim an tír in 1799: meascán de chogadh, spealadh tionsclaíoch, agus easpa bia. Ghlaoigh an Direachtóireacht ar an arm chun cur i gcoinne na bagartha réabhlóidí, agus bhain Napoléon Bonaparte cumhacht amach tar éis coup an 18 Brumaire in 1799.
      ”Bunaítear an Réabhlóid ar na prionsabail a chur tús léi: tá sé críochnaithe,” a d’fhógair bunreacht Caesarach Napoléon. Bhí deireadh tagtha leis an tréimhse réabhlóideach. Dhaingnigh riail Napoléon an chaipitleachais sa Fhrainc, agus scaipeadh ar fud na hEorpa é chomh maith. Bunaíodh Banc na Fraince in 1800 chun creidmheas a chur ar fáil d’fhiontraithe. D’fhorbair tionsclaíocht sa tuaisceart, agus cruthaíodh margaí olla agus cadáis. Bhunaigh Napoléon an “Córas Ilchríochach,” rud a chruthaigh éileamh ar tháirgí Francacha i measc na himpireachta agus a chur deireadh le himeachtaí Shasana ar an Ilchríoch.
      D’ardaigh praghsanna, tuarastail agus rátaí brabúis dá bharr; agus cé gur bhain bourgeoisie na Fraince an méid is mó leas as, d’fhorbair tionsclaíocht sa Bheilg, sa Sacsain, san Eilbhéis agus i nDúiche na Réine i ngeall an chosantaíochais a cuireadh i bhfeidhm leis an “gCóras Ilchríochach.” Chuimsigh na tosca seo iarmhairtí eacnamaíocha na Réabhlóide ar fud na hilchríche.
[SOD]

Foinsí

Kenneth Neil Cameron, Humanity and Society.
Henry Heller, The Bourgeois Revolution in France, 1789–1815.
Eric Hobsbawm, The Age of Revolution, 1789–1848.
George Rudé, The French Revolution.

Home page  >  Socialist Voice  >  July 2014  >  Réabhlóid na Fraince agus a polasaithe eacnamaíocha
Baile  >  Socialist Voice  >  Iúil 2014  >  Réabhlóid na Fraince agus a polasaithe eacnamaíocha