September 2014        

Caimiléireacht tugtha chun solais


Frank Connolly, Tom Gilmartin: The Man Who Brought Down a Taoiseach and Exposed the Corruption and Greed at the Heart of Irish Politics (Dublin: Gill and Macmillan, 2014); ISBN 978-0-7171-6047-1; €16.99 / £14.99.
     Níl siad imithe uainn fós, bíodh a fhios agat—polaiteoirí, baincéirí, lucht forbartha, agus infheisteoirí cama, ná na fórsaí taobh thiar díobh. Ná níl scéal Bhinse Flood/Mahon thart go fóill, mar a mheabhraigh cúis George Redmond sa Chúirt Uachtarach dúinn i mí Iúil.
     Tá cuntas an-cháiréiseach tugtha ag Frank Connolly sa leabhar seo ar chúlra agus imeachtaí an bhinse fiosraithe sin. Murach Connolly go pearsanta agus a chuid oibre mar iriseoir iniúchach, a chaith dua agus am ag tochailt leis, ní dócha go mbeadh an binse úd ann ar chor ar bith. (Is fiú an cur chuige sin a chur i gcomparáid leis na comh­fhreagraithe slándála nó coiriúlachta nach dtéann níos faide ná an t‑eolas a bhfaigheann siad óna gcomrádaithe ólacháin in eití éagsúla den Gharda Síochána.)
     Má tá bithiúnaigh sa scéal seo, tá laochra ann freisin. Orthu siúd tá Connolly féin, Tom Gilmartin, Thomas óg Gilmartin (a mhac, a sheas an fód go diongbháilte leis), Gráinne Carruth, agus Mary O’Rourke.
     Bhí Gráinne Carruth fostaithe mar rúnaí ag Bertie Ahern tráth, agus bhíothas ag cur brú uirthi tacú le leagan an iar-Thaoisigh maidir lena imeachtaí (nó neamh-imeachtaí) baincéireachta. Sa deireadh thiar d’admhaigh sí go mbíodh sí ag lóisteáil airgid ar a shon, agus go raibh suimeanna steirling san áireamh. Ar an gcaoi sin sceitheadh cuid shuntasach den ghnó a bhí Ahern ag iarraidh a choinneáil ina rún ón mBinse. Ba é an chaoi ar caitheadh le Gráinne Carruth ceann de na rudaí ba mhó a chuir samhnas ar an bpobal, fiú ar lucht leanúna Ahern féin, agus a chuir deireadh lena shaol­ré pholaitiúil.
     Ansin, ná bíodh leisce orainn an chreidiúint a thabhairt do Mary O’Rourke gur admhaigh sí don Bhinse go raibh Tom Gilmartin i láthair ag teacht le chéile i dTeach Laighean ar a raibh Charlie Haughey, Pádraig Flynn, Bertie Ahern, Gerry Collins, Brian Lenihan (“Sean-Bhrian”), Séamus Brennan, agus í féin. B’shin an tráth nuair a bhí a bheag nó a mhór gach duine eile acu ag séanadh go raibh a leithéid de theacht le chéile ann ar chor ar bith agus go rabhthas ag tabhairt le fios gur á shamhlú nó á chumadh a bhí Gilmartin.
     Tar éis do Gilmartin an cruinniú sin a fhágáil le leide ó Haughey go dtabharfadh Liam Lawlor “aire” dó, thug fear faoi le píosa páipéir a raibh uimhir chuntais bhainc i Manainn scríofa air. Dúirt an fear seo—ionadaí ón stát, ó Fhianna Fáil, ó Haughey, nó ó Lawlor?—le Gilmartin, agus iad i dTeach Laighean, go raibh £5 mhilliún le cur isteach sa chuntas sin.
     Bhí an tógálaí sásta méid áirithe a dhéanamh ar mhaithe lena ghnó a chur chun cinn, fiú dá mba ghá an córas oifigiúil a lúbadh píosa, ach bhí an t‑iarratas seo thar chailc ar fad. “You make the fucking Mafia look like monks,” a dúirt sé leis an teachtaire.
     “You could fucking end up in the Liffey for saying things like that,” a d’fhreagair an fear anaithnid.
     As sin amach bhí Gilmartin ina namhaid ag daoine áirithe i measc lucht polaitíochta agus lucht gnó. Ní mór a rá gur thug TD de chuid Fhianna Fáil, Seán Walsh, rogha mhacánta dó: “You are being shafted, you are being set up . . . You must watch your back.”
     Cheana féin bhí Gilmartin tar éis airgead go leor a íoc taobh amuigh de chostais chaighdeánacha ghnó. Thug sé £50,000 do Phádraig Flynn, cisteoir Fhianna Fáil, mar shíntiús don pháirtí, mar gur tugadh le fios dó go laghdófaí constaicí riaracháin agus polaitiúla a bhí sa mbealach air dá ndéanfadh sé amhlaidh. Chuir Flynn an t‑airgead isteach ina phóca féin (nó, le bheith cruinn, i gcuntas bainc a mhná céile). Ní bhfuair Fianna Fáil an t‑airgead sin riamh. Níor chuala ard-rúnaí an pháirtí aon rud faoi go dtí gur tarraingíodh a aird ar an líomhain le linn fhiosruithe an Bhinse.
     Ina ainneoin sin ar fad, níor cúisíodh Flynn in aon chúirt i mí-leithreasú cistí, toisc nach ndearna Fianna Fáil an scéal a thuairisciú don Gharda Síochána. Nach aisteach an eagraíocht é!
     Gné shuntasach de scéal Gilmartin is ea páirt Bhainc Aontais Éireann (AIB) sa chneámhaireacht ar fad. Thacaigh an banc go hiomlán le hOwen O’Callaghan a thabhairt isteach ar thionscnamh de chuid Gilmartin agus ansin le Gilmartin a bhrú i leataobh. An rud is lú ar féidir a rá faoi AIB gur imir siad maistíneacht ghránna ar an bhfear céanna.
     Níl aon amhras faoi ach go raibh a fhios ag AIB go raibh íocaíochtaí míchuí á dtabhairt amach ag Frank Dunlop, iar-phreasrúnaí de chuid an Rialtais, ar son an Cheallachánaigh le comhairleoirí contae. Ach níor chuir siad an cheist go díreach. Faoi mar a thug ard-fheidhmeannach de chuid AIB le fios, “It would have been inappropriate, in his view, to ask such a question of such an upstanding customer [Owen O’Callaghan].”
     Sa chomhthéacs seo, is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil tuairisc curtha ag Máistir na hArd-Chúirte chuig an Stiúrthóir Ion­chúiseamh Poiblí maidir le beirt fheidhmeannach de chuid AIB agus mionn éithigh curtha ina leith i gcás a bhí ann le déanaí.
     Níl an scéal iomlán foilsithe fós. Mar shampla, theip ar an mBinse a fháil amach cá bhfuair Bertie Ahern cuid de na suimeanna móra airgid a cuireadh isteach sa bhanc thar a cheann. Bheadh sé spéisiúil a fháil amach go háirithe cá bhfuair sé an $45,000 a lóisteáladh ar 5 Nollaig 1994.
[CDF]

Home page  >  Socialist Voice  >  September 2014  >  Caimiléireacht tugtha chun solais
Baile  >  Socialist Voice  >  Meán Fómhair 2014  >  Caimiléireacht tugtha chun solais