December 2014        

Aistear casta cróga

Mícheál Mac Aonghusa

Tadhg Kennelly, Bóthar Casta: Ó Éirinn go dtí na Filipínigh (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2015; €7.50).

Ba ghné shuntasach de shaol na hÉireann sa chuid is mó den fhichiú haois an méid sagart miseanach a chuir eaglais Chaitliceach na hÉireann ar fud an domhain.

     Ní raibh an saol chomh socair sin acusan agus a bhí ag an gcléir a d’fhan sa bhaile. Tháinig siad faoi thionchar pobal agus imeachtaí thar lear, agus ba mhinic a d’oibrigh siad taobh amuigh de struchtúr iata na hEaglaise. Is ábhar mór spéise é mar a d’éirigh go leor acu radacach agus polaitiúil de thoradh a dtaithí thar lear.
     Tugann Tadhg Kennelly cuntas sa leabhar seo ar an bhforás a tháinig air féin, idir mhachnamh agus ghníomhaíocht, agus é ina mhisinéir sna hOileáin Fhilipíneacha. Sa chuntas seo tá léargas ar ionracas agus ard-aidhmeanna go leor sagart miseanach a cheistigh fiúntas agus cuibhiúlacht an chur chuige a bhí uachtaráin na gcumann miseanacha ag éileamh. Tháinig siad ar an tuairim go háirithe go raibh dualgas ar an gcléir seasamh leis an bpobal in aghaidh tíorántachta.
     Tar éis dó an scoil a fhágáil chaith Tadhg Kennelly tamall de bhlianta ina stát­seirbhíseach. Ghlac sé páirt in obair shóisialta eaglais-nasctha, ach smaointeoir a bhí ann i gcónaí a chuir spéis san fhealsúnacht agus sa tsoch­eolaíocht. Sa bhliain 1962 shocraigh sé ar dhul isteach i gCuallacht Mhiseanach Cholmáin.
     Míníonn an t‑údar an mealladh a bhí ina leithéid de chinneadh an tráth úd: “Bhí idéalachas agus dúshlán ag baint le saol an mhisinéara . . . a thaitin liom, ag obair i dtíortha i bhfad i gcéin agus teanga is cultúr nua a fhoghlaim. San aimsir sin ní raibh eolas agam ar aon fheachtas eile sa tír, gurbh fhiú trácht air, a bhí ag plé le seirbhís don phobal sa tríú domhan ach na hoird chrábhaidh agus na cumainn mhisinéireachta.”
     Chaith sé na blianta 1963–69 faoi oiliúint i gceann­áras na gColmánach i bPáirc Dhealgan, gar don Uaimh. Ní raibh sé éasca do dhuine a raibh intinn dá chuid féin aige bheith i gcliar­scoil, fiú tar éis Vatacáin II. Bhí go leor rialacha gan chiall le cloí leo, agus bhí an-amhras ann faoi ábhar sagairt a cheisteodh cúrsaí. Umhlaíocht gan cheist a theastaigh ó údaráis na hEaglaise. D’éirigh le Tadhg teacht slán trí láimhsiú cliste a dhéanamh ar dhian­cheistiúchán, agus oirníodh é sa deireadh.
     Is léir gur bhain sé an-taitneamh as a bhlianta tosaigh sna Filipínigh, i mbun gnáth­chúraimí sagartachta agus obair shóisialta. Bhí sé an-tógtha le muintir na tíre agus lena gcultúr. Níorbh fhada go raibh an teanga Tagálagais ar a thoil aige.
     B’shin tráth nuair a bhí Caitlicigh ag ceistiú ar leor do Chríostaithe a bheith ag freastal ar na boicht le beartais charthanachta. Bhí Tadhg Kennelly orthu­san a chreid go raibh dualgas ar Chríostaithe oibriú ar son ceartais shóisialta. Mar a leanas a mheas sé cúrsaí: “Chaithfí gníomhú go fad­téarmach ar bhonn praiticiúil le cothrom na Féinne a bhaint amach do chách. Trí chaidreamh leis na gníomhaithe polaitiúla, bhí an chos­mhuintir Chríostaí ag tuiscint gur cuid inmheánach den soiscéal dul i ngleic le córais éagothroma eacnamaíochta agus polaitíochta.”
     Bhí an díospóireacht sin níos géire sna Filipínigh ná in áiteanna eile i ngeall ar an traidisiún troda a bhí sa tír sin in aghaidh impiriúlachas na Spáinne, na Stát Aontaithe agus na Seapáine. Sna 1970í bhí an pobal mór faoi smacht gníomhairí Mheiriceá Thuaidh, na dtiarnaí talún agus an mhaorlathaigh éillithigh a bhí nasctha leis an gcaipitleachas idir­náisiúnta corparáideach. I 1972 thug an tUachtarán Marcos riail an airm i bhfeidhm, agus bhí deireadh le pé beag daonlathas a bhí ann roimhe sin. Go luath ina dhiaidh sin aistríodh Tadhg go Mainile le bheith ina shéiplíneach ar ghrúpa mac léinn. Thapaigh sé an deis le hobair pholaitiúil a dhéanamh, scaipeadh bileog go háirithe, obair a bhí mí­dhleathach faoi riail an airm. Chomh maith leis sin bhí sé ag síor­mhachnamh ar chúrsaí tíorántachta agus fuascailte agus bhí sé ag léamh go leor faoi na cúrsaí sin. Ar na scríbhneoirí a chuaigh i bhfeidhm air bhí Marx, Lenin, Hegel, Freire agus Gramsci.
     Bhí áthas air nuair a thug na Colmánaigh cead dó dul ag obair go lán­aimseartha do INODEP (an Institiúid Éacúiméineach Forbartha Pobal) sna Filipínigh. Faoin tráth seo bhí Tadhg ag ceistiú bun­phrionsabal de chuid an chreidimh reiligiúnda a bhí aige ón gcliabhán. Bhí an Eaglais Chaitliceach sna Filipínigh deighilte—deighilte go nimhneach, d’fhéadfá a rá—idir comh­ghuaillithe na cos­mhuintire agus an chléir uachtarach. San am céanna ghníomhaigh an stát in aghaidh na sagart a bhí ag seasamh leis an bpobal. Díbríodh cuid acu as an tír agus cuireadh cuid eile i bpríosún. Orthu siúd bhí an Colmánach Éireannach Niall Ó Briain.
     Ina ainneoin seo ar fad ceapadh Tadhg Kennelly ina shagart paróiste ar Jalajala in aice le Mainile sa bhliain 1979. Chaith sé breis agus trí bliana ansin ag com­hoibriú leis an nGréasán Náisiúnta Daonlathach a raibh an Páirtí Cumannach comh­cheangailte leis. Thugadh sé cuairteanna freisin ar threall­chogaithe a bhí ag troid in aghaidh rialtas Marcos. Faoi dheireadh bhí an chodarsnacht idir a pháirt i gcúrsaí eaglasta agus a thuiscint ar an saol éirithe ró­mhór. D’fhill sé ar Éirinn agus, ar ball beag, d’éirigh sé as an tsagartacht.
     Sin scéal an leabhair, ach níorbh é sin deireadh lena ghníomhaíocht pholaitiúil, mar ó shin i leith tá sé páirteach i bhfeachtais in Éirinn in aghaidh an mhíleatachais impiriúlaigh agus in obair dhlúth­pháirtíochta. Scéal é seo a bhfuil idir chrógacht agus mhisneach intinne ann.

Home page  >  Socialist Voice  >  December 2014  >  Aistear casta cróga
Baile  >  Socialist Voice  >  Nollaig 2014  >  Aistear casta cróga