June­–July 2015        

An Ríocht Aontaithe ag druidim chun scoite

Mícheál Mac Aonghusa

Tar éis olltoghchán Westminster tá an saol—agus Sasana go háirithe—á chiapadh ag beirt thaibhse, Blair agus Thatcher. Margaret an mana atá ag na Tóraithe agus Tony an laoch atá ag ceannairí Pháirtí an Lucht Oibre. Tá sé dodhéanta aon difríocht shuntasach a aithint idir an dá dhílseacht sin. Is drochthuar é sin do mhuintir Shasana agus do phobail na gcríoch eile sa Ríocht Aontaithe, an t‑oirthuaisceart seo againne san áireamh. Tá an ríocht chéanna ag druidim i dtreo a bheith ina stát scoite aonpháirtí nó, más féidir é a rá, stát dhá leathpháirtí inar beag ar fad an difríocht idir an dá leath.
     B’aisteach an sórt olltoghcháin a bhí ann. Bhí sé deacair do dhuine ón taobh amuigh difríocht bhunúsach a fheiceáil idir gheallúintí Cameron agus Miliband. Lá i ndiaidh lae bhí páirtí Miliband ag déanamh a dhícheall le cur in iúl nach páirtí lucht oibre a bhí ann ar chor ar bith ach páirtí a bhí “freagrach,” “cairdiúil” do lucht gnó, agus bunaithe ar “middle England” (is é sin an mheánaicme). Bhíodar ag maíomh go mbeidís dícheallach i mbun ciorruithe leasa shóisialta agus céasadh daoine a bhí ag brath ar a leithéid. Go deimhin, d’fhuaimnigh siad níos cosúil le tóraithe ná na Tóraithe féin. Ba dheacair a dhéanamh amach cén fáth a vótálfadh duine do pháirtí dá leithéid murach an córas tútach vótála thall.
     Fiú agus an toghchán thart agus an rialtas nua ag déanamh scrios breise ar rátaí leasa shóisialta, tá Páirtí an Lucht Oibre (nó na dronganna taobh istigh den pháirtí ar gheall le páirtithe neamhspleácha iad iontu féin) ag argóint faoi cé chomh mór ar cheart ciorruithe a dhéanamh. Nuair a d’fhógair an rialtas go raibh sé i gceist an tAcht um Chearta Daonna a aisghairm bhí daoine móra i bPáirtí an Lucht Oibre ag léiriú bá le seasamh na dTóraithe, mar thuig siad “a riachtanaí” agus a bhí sé an “sceimhlitheoireacht” a chosc. Tá leidí á dtabhairt go mb’fhéidir go bhfaigheadh an rialtas tacaíocht thuisceanach ó Fhreasúra Dílis A Mórgachta sa chúngú ar chearta an duine, beartas a théann an-ghar do chosc a chur le haon tuairimíocht nach réitíonn leis an aicme thiarnais.
     Ceist an-mhór san olltoghchán ba ea ceist na hinimirce. Is beartas clasaiceach é do lucht ceannasaíochta stáit an milleán as gach rud a chur ar dhaoine ón taobh amuigh, ar an gcoimhthíoch. Tá sé sin ar siúl i Sasana le fada an lá anois agus an ciníochas á chothú d’aon ghnó chuige sin. Is é an donas atá ann go bhfuil éirithe leis an tseift agus é curtha ina luí ar sciar maith de lucht oibre Shasana gur ar na hinimircigh atá an locht faoin dífhostaíocht agus faoin mbrú ar an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte.
     Ar ndóigh, is cinnte go mbeidh teannas ann idir dhreamanna oibrithe nuair a íoctar tuarastal níos ísle le hinimircigh bhochta agus go mbíonn ísliú ginearálta ar thuarastail dá réir—agus é sin ag teacht le dlí an Aontais Eorpaigh. Agus maidir leis an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte, tá caighdeáin á n‑ísliú de bharr easpa maoinithe agus an réiteach le páirt-dhínáisiúnú a dhéanamh ar an gcóras.
     Rud amháin a léirigh an phoiblíocht a thug meáin Londan don olltoghchán ná an deighilt shíceolaíoch idir iad agus an chuid d’Éirinn atá sa Ríocht Aontaithe. Is beag trácht a rinne na meáin thall ar an toghchán ar an taobh seo de Shruth na Maoile. Rinne siad talamh slán de nárbh aon chuid den Bhreatain an Tuaisceart agus is ar éigean go n‑aithníonn siad é mar chuid den Ríocht Aontaithe. Bheadh uafás go fiú ar lucht na heite deise de na Tóraithe dá mbeadh tionchar thar fóir ag an DUP ar rialtas Londan. Is frithbheartaigh go smior an dream atá i gcumhacht thall ach is frithbheartaigh den 21ú aois iad, ní hionann agus cuid mhór den DUP ar gaire a meon don 16ú haois. Tá brú as cuimse ar Shinn Féin géilleadh do na ciorruithe leasa shóisialta, agus is é an donas nach bhfuil aon mhórpháirtí i Sasana tugtha do dhlúthpháirtíocht a dhéanamh leo sa cheist seo, agus is amhlaidh do rialtas Bhaile Átha Cliath.
     Ansin tá ann don eilifint—an eilifint atá sa seomra leis na blianta beaga anuas, Jumbo na hAlban. Níor thug aon chuid de lucht polaitíochta Londan an eilifint faoi deara go dtí cúpla bliain ó shin. Nuair ba léir go raibh baol ann gheall na Tóraithe agus Páirtí an Lucht Oibre le chéile grian agus gealach do na hAlbanaigh. Ar ndóigh, loic siad ar na geallúintí a luaithe agus a bhí an vótáil thart. Rud amháin a léirigh an t‑olltoghchán nárbh é grá do na hAlbanaigh a bhí taobh thiar de chomhfheachtas na dTóraithe agus Pháirtí an Lucht Oibre Albain a choinneáil taobh istigh den Ríocht Aontaithe. Chothaigh Cameron agus Miliband araon ciníochas gránna frith-Albanach i measc na Sasanach sna seachtainí roimh an olltoghchán. Shílfeá ó na tablóidigh go raibh Rob Roy agus a lucht leanúna chun teacht anuas ó na sléibhte le ballaí Westminster a dhreapadh agus gach Sasanach sibhialta a mharú! Ba é an toradh ar an bhfuath follasach sin do na hAlbanaigh gur shocraigh tromlach na ndaoine idir Bearaig agus Sealtainn vótáil do Pháirtí Náisiúnta na hAlban (SNP) beag beann ar pholasaithe an pháirtí sin.
     Pé ar bith, ní haon ábhar caointe é turnamh pháirtí Ed Miliband, Gordon Brown agus Jim Murphy in Albain. Chuir an páirtí úd ansin lámh ina bhás féin nuair a ghlac sé le seasamh sáraontaíoch tráth an reifrinn. Cuimhneofar go ceann na mblianta fada ar an traein úd lán d’fheisirí ag dul ó thuaidh lena rá leis na hAlbanaigh céard ba cheart dóibh a dhéanamh lena dtír féin.
     Bhí dhá cheist eile ann a chuidigh leis an SNP: go raibh an páirtí sin níos claonta don daonlathas sóisialach (gona pholasaithe leasa shóisialta) ná aon mhórpháirtí Sasanach, agus go raibh sé in aghaidh an Trident (diúracán núicléach atá réidh le scaoileadh ó fhomhuireáin ar abhainn na Cluaidhe i ngar do Ghlaschu).
     Faoi mar a tharlaíonn sé, tá rud amháin tar éis tarlúint san olltoghchán seo a bhfuil seantaithí ag na hAlbanaigh air: vótálann siad go láidir ar son cineál amháin rialtais agus faigheann siad glan a mhalairt. Sin ceann de na cúiseanna ar féidir a rá gur cinnte go mbeidh Albain neamhspleách luath nó mall. Ní fhéadfadh an SNP agus Páirtí an Lucht Oibre le chéile é a stopadh.

Home page  >  Socialist Voice  >  June­–July 2015  >  An Ríocht Aontaithe ag druidim chun scoite
Baile  >  Socialist Voice  >  Meitheamh–Iúil 2015  >  An Ríocht Aontaithe ag druidim chun scoite