February 2016        

Bímis dílis d’idéil 1916!

Tomás Mac Síomóin

I mbliain seo chomóradh Éirí Amach 1916 cluinfear moltaí á dtabhairt go fuíoch ag boic na bunaíochta do laochra na Cásca. Ach tá ard-chuspóirí na laoch céanna tréigthe, is faoi their, ag na boic chéanna le fada an lá. Ní chluinfear teagasc sóisialach Shéamais Uí Chonaíle á mholadh óna mbéala siadsan, ar ndóigh. Bíodh spléachadh againn ar chuid de cháipéisí bunúsacha ghluaiseacht na saoirse le méid na feille seo a thomhas.
     Seo leagan Gaeilge de mhír as Forógra na Cásca, ar léigh Pádraig Mac Piarais an bunleagan Béarla de amach taobh amuigh d’Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath, Luan Cásca 1916.
Dearbhaíonn muid gur ceart ceannasach dochloíte é ceart mhuintir na hÉireann chun seilbh na hÉireann agus chun dála na hÉireann a stiúradh gan srian. Níor chealaigh an forlámhas a d’imir cine agus rialtas eachtrannach ar feadh i bhfad an ceart sin, ná ní féidir é a chealú go deo ach amháin trí dhíothú mhuintir na hÉireann.
      Fós féin, shéan muintir na hÉireann, agus iad scanraithe ag bagairtí ghíománaigh na hÉireann is na hEorpa, don cheart céanna nuair a ghlacadar le Conradh Liospóin (2009). Ghiorraigh sin le flaithiúnas Phoblacht 26 contaetha na hÉireann. D’fheall an Rialtas athuair ar mhuintir na hÉireann sa bhliain 2010 nuair a lig sé don IMF agus don Aontas Eorpach iachall a chur uirthi díol as fiacha bainc nár bhain léi.
     Sa chéad sheisiún de Dháil Éireann, ar 21 Eanáir 1919, léadh an Clár Oibre Poblachtach, inar iomlánaíodh rún sóisialta Fhorógra na Cásca. B’sheo an chéad uair—agus an uair dheireanach—inar reachtáladh obair uilig Dháil Éireann, an Clár seo san áireamh, trí Ghaeilge amháin.
     Sna míreanna seo a leanas de, cuirtear feoil ar idéil na Cásca.
Dearbhaíonn muid, i mbriathra fhorógra Shaorstáit Éireann, go bhfuil sé de cheart ag muintir na hÉireann seilbh na hÉireann a bheith acu agus cinniúint an náisiúin a bheith faoina riar, agus nach féidir an ceart san do bhaint uathu. Faoi mar dúirt ár gcéad Uachtarán, Pádraig Mac Phiarais, “dearbhaíonn muid gur ceart go mbeadh . . . ábhar maoine na hÉireann faoi riaradh an náisiúin, idir thalamh agus ghustal na hÉireann, gach saghas maoine agus gach gléas chun maoin a sholáthar dá bhfuil san tír”; agus athfhógraíonn muid an rud d’fhógair an Piarsach gur dual go mbeadh tosach ag ceart an phobail chun leasa an phobail ar cheart an duine chun seilbhe faoi leith.
      Ní réitíonn an t‑idéal sóisialach seo le ballraíocht Phoblacht 26-Co. na hÉireann san AE nua-liobrálach seo a thugann tús áite do bhancanna is rachmasóirí iasachta thar leas na bpobal, agus ina mbíonn maoin gach tíre, Poblacht na hÉireann san áireamh, ina ábhar spairne ag na rachmasóirí céanna. Tagann an réimeas seo salach go hiomlán ar oidhreacht na Cásca.
     Cúram eile a bheadh ar an stát Éireannach nua de réir an Chlár Oibre seo ná
féachaint chuige nach mbeidh an t‑ocras ná an fuacht ag goilliúint ar aon leanbh cheal bídh, éadaigh ná díon tí; ach go bhfaighidh siad gach cóir agus gléas is gá dhóibh chun teagasc agus taithí ceart a thabhairt dóibh i gcóir na hoibre a bheidh le déanamh acu mar chomhaltaí den Saorstát Gaelach.
      Fógraítear go bhfuil an t‑ocras ag bagairt ar suas le 30 faoin gcéad den phobal abhus i mbliana—is go bhfuil méadú as éadan ar líon na saoránach gan díon ná dídean, clanna iomlána ina measc. An mhí seo caite féin léirigh suirbhé a choimisiúnaigh an Roinn Sláinte go dtugann 20 faoin gcéad de pháistí na hÉireann an leapa nó an scoil orthu féin agus iad ocrach (Irish Independent, 10 Nollaig 2015.) Seo comhartha eile go bhfuil bun-idéal seo na Poblachta caite i dtraipisí ag ár n‑aicmí ceannais. Maidir le “Saorstát Gaelach,” tá a bhfuil fágtha den Ghaeltacht ar an dé deiridh agus stádas siombalach amháin ag an nGaeilge féin i saol poiblí na tíre.
     Maítear freisin i gClár Oibre na Céad Dála:
Beidh sé de dhualgas orainn cabhrú le méadú ghustal an náisiúin, an talamh a dhéanamh níos torthúla agus níos ionsaothraithe; mianach na hÉireann, a portaigh mhóna, a cuid iascaigh, a bealaigh uisce agus a cuanta do chur chun críche i ceart chun tairbhe mhuintir na hÉireann.
      Ach is seanscéal é go bhfuil maoin aiceanta na hÉireann (m.sh. uisce) á príobháidiú, áiseanna náisiúnta leictreacha agus leictreonacha san áireamh, agus saothrú na bportach á bhac ag an AE. Baineann 23 faoin gcéad d’fharraigí an AE le hÉirinn, ach tá an sciar den mhargadh idirnáisiúnta atá ceadaithe d’Éirinn i bhfad faoi bhun an chéatadáin sin. Fágann sé sin oll-bhac ar fhorbairt an tionscail iascaigh abhus agus an buntáiste uilig ag náisiúin na mbád monarchan a scuabann suas an t‑iasc nach bhfuil ceadaithe dár gcuid iascairí féin a bhaint ónár bhfarraigí féin.
     Tuige ar thug, agus a thugann, muintir na hÉireann cúl le hidéil 1916? Is cuid den fhreagra é gur bheartaigh aicmí ceannais na tíre trí Chogadh na mBráthar, 1922–23, idéil uaisle sóisialta agus cultúrtha na Poblachta a bhascadh. Tá an fhrith-réabhlóid seo ar siúl i gcónaí, mar a léiríonn áit thánaisteach féinsásta na tíre seo in AE seo an nua-liobrálachais. Sa bhliain atá romhainn cluinfear oidhrí aos seo an fhrithghnímh ag sárú a chéile agus laochra 1916 á chomóradh go fuíoch is go fimíneach acu. Ach tapóidh sóisialaithe agus daonlathaithe Comóradh 1916 lena ndílseacht bhuan a dhearbhú d’aidhmeanna cultúrtha agus sóisialta lucht an Éirí Amach, atá le baint amach fós.
     Tá obair mhór romhainn!

Home page  >  Socialist Voice  >  February 2016  >  Bímis dílis d’idéil 1916!
Baile  >  Socialist Voice  >  Feabhra 2016  >  Bímis dílis d’idéil 1916!