| Ruainne | A Morsel |
| Fíonn a mháthair síoda, | His mother weaves silk, |
| Sníomhann a athair cadás. | His father spins cotton. |
| D’fhág sé dorchadas na broinne | He left the darkness of the womb |
| Ar mhaithe le croí dubh botháin. | For the black heart of a hovel. |
| Nuair a imeoidh sé, | When he leaves it, |
| Breosla do na muilte a bheidh ann. | He will fuel the mills. |
| Chun a cholainn gan cháim a bheathú | To nourish his innocent body |
| Cothóidh sé ocras doshásaithe caipitil. | He will feed the insatiable hunger of capital. |
| Caithfidh a lámha go fánach bláthanna órga | His hands will squander flowers of gold |
| Agus caithfidh a cholainn a cuid airgid. | And the body will spend its silver. |
| Fuil a chroí a lasfaidh na laindéir gheala | The bright burning lamps in bank windows |
| I bhfuinneoga bainc. | Will be fuelled by the blood of his heart. |
| An páiste seo, nach saonta, nach bídeach | This child, so innocent, so small, |
| Craos caipitil dó i ndán, | Destined for capital’s maw, |
| Ina sheasamh is é ag achainí os íseal: | Stands pleading silently: |
| Nach bhfuil éinne in ann mé a shábháil? | Can nobody save me? |