| Pandu, the Masseur in Goa | Pandu, Suathaire i nGoa |
| My name is Pandu, | Pandu is ainm dom, |
| I am a masseur from Kolhapur, | Is suathaire mé as Kolhapur, i stát Maharashtra |
| in the state of Maharashtra | i stát Maharashtra |
| | |
| I can do foot massage, head massage | Is féidir liom suathaireacht cos a dhéanamh, suathaireacht cinn |
| I can massage your genitals | d’fhéadfainn do bhaill ghiniúna a imchuimilt duit |
| I have been massaging since past twenty years, | táim i mbun suathaireachta le scór bliain anuas,
|
| | |
| mostly Americans, English and Danes | Meiriceánaigh is mó, Sasanaigh is Danmhargaigh |
| but now the beach is full of Russians | ach bíonn an trá lán de Rúisigh anois |
| and I don’t know much Russian sadly | níl mórán Rúisise agam faraor
|
| | |
| My fellow masseur met a Swiss woman | bhuail mo chomh-shuathaire le bean as an Eilvéis |
| they got married and went to Switzerland, | phósadar agus chuadar chun na hEilvéise, |
| now he asks me give him a massage (chuckles) | Iarrann sé ormsa anois suathaireacht a thabhairt dó siúd (scig-gháire)
|
| | |
| I work here only six months in a year— | ní oibrímse anseo ach sé mhí in aghaidh na bliana— |
| October to May, then I go back to Kolhapur | Deireadh Fómhair go Bealtaine, ar ais liom ansin go Kolhapur |
| to work in the fields, to grow vegetables and fruits | d’fhonn na goirt a shaothrú, glasraí is torthaí a fhás
|
| | |
| earlier I used to sell grass, opium and drugs | roimhe sin bhínn ag díol raithní, óipiaim is drugaí |
| not any more, it has become too dangerous | ní dheinim níos mó é, tá sé ródhainséarach anois |
| but don’t worry, I still have got some contacts | ach ná bí buartha, tá roinnt teagmhálacha agam i gcónaí
|
| | |
| I can get you whatever you want—drugs, women | gheobhaidh mé rud ar bith duit is mian leat—drugaí, mná |
| please let me give you a massage, | lig dom suathaireacht a thabhairt duit, |
| please don’t tell anyone what I am telling you | ná hinis d’éinne led’ thoil an méid atáim á rá leat
|
| | |
| the beach shack owner does not pay me | ní íocann úinéir an bhotháin trá mé |
| he does not give me food or any drinks | ní thugann sé bia ná deoch dom |
| I pay extortion to the police every month | íocaim sracadh leis na póilíní uair sa mhí
|
| | |
| all I earn is from massages I do | níl de theacht isteach agam ach an tsuathaireacht |
| so please let me massage you, | lig dom suathaireacht a thabhairt duit led’ thoil, |
| this time I’ve voted for the opposition | thugas vóta don bhfreasúra an babhta seo
|
| | |
| look at my finger tip, the dot of Indian ink, | féach ar bharr mo mhéire, ponc de dhúch Indiach, |
| they will give licences for five years | eisíonn siad ceadúnais ar feadh cúig bliana |
| to run the beach shacks | chun na botháin trá a rith
|
| | |
| Government did nothing much in the past six years, | níor dhein an Rialtas mórán le sé bliana anuas, |
| I am building a home here in Goa, I have taken a loan | tá tigh á thógaint anseo agam i nGoa, tá iasacht faighte agam |
| and have to pay a huge sum as interest every month | agus suim mhór a híoc agam mar ús gach mí
|
| | |
| please let me give you a massage, | lig dom suathaireacht a thabhairt duit le do thoil, |
| my family will die of hunger back in Kolhapur | caillfear an teaghlach den ocras thoir in Kolhapur |
| be kind, take pity on me, let me give you a massage. | bí cineálta, bíodh trua agat dom, lig dom suathaireacht a thabhairt duit. |